Similar words :

poll

 cmu
masculine noun, 1st declensionainmfhocal firinscneach, 1ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. poill; nom.pl. ; a.i. poill; gen.pl. ; g.i. poll) 1. An áit a bhfuil cuid in easnamh nó cuas ar dhromchla ruda, nó bealach isteach sa rud nó tríd tá poll air / tá poll ann bhí poill ina chuid stocaí tá ceithre pholl scriú ann poll cnaipe poll eochrach 2. geologygeolaíocht, industrytionsclaíochtÁit a bhfuil poll toll déanta sa talamh nó log domhain ann thit sé isteach i bpoll poll bréan poll gairbhéil 3. zoologyzó-eolaíochtTollán nó pluais a bhíonn mar nead nó cró folaigh ag ainmhí rith an luch isteach ina poll poll coinín poll madra uisce poll róin 4. constructiontógáil, ecologyéiceolaíocht, sailingseoltóireachtMá thagann poll ar rud éigin, briseann cuid den rud sin nó dá dhromchla sa chaoi go ndéantar bearna a scaoileann msh aer nó uisce tríd. d'fhág sé poll ann tháinig poll ar an roth / tháinig poll sa roth tháinig poll ar an umar / tháinig poll san umar 5. Scoilt nó spás a dhéantar nó a fhágtar i rud éigin chun msh sruth aeir a ligean isteach nó deatach, gás nó boladh a ligean amach poll aeir poll aerála 6. Má deir tú gur poll is ea áit éigin, tá tú ag rá go bhfuil sé gránna nó míthaitneamhach mar áit le cónaí ann nó le dul ar cuairt ann. is poll ceart é an áit sin verbbriathar (pr. láith. pollann; fut. ; fáist. pollfaidh; past ; caite pholl; cond. ; coinn. phollfadh; vb.n. ; ainm br. polladh) 7. Má phollann tú rud éigin, brúnn tú isteach nó briseann tú cuid de dhromchla an ruda sa chaoi go ndéantar cuas ann nó go mbaintear píosa as.transitiveaistreach pholl an meaisín an dromchla 8. Má phollann tú rud éigin, gearrann tú cuid de dhromchla an ruda nó briseann tú tríd sa chaoi go ndéantar bealach tríd an dromchla nó tríd an rud ar fad.transitiveaistreach pholl sé an t-adhmad PhrasesNathanna rud a chur i bpoll Má chuireann tú rud éigin i bpoll, cuireann tú i dtaisce é áit éigin as radharc, go háirithe in áit rúnda. poll a chur i rud (also poll a dhéanamh i rud) 1. Má chuireann tú poll i rud éigin, brúnn tú isteach nó briseann tú cuid de dhromchla an ruda sa chaoi go ndéantar cuas ann nó go mbaintear píosa as. 2. Má chuireann tú poll i rud éigin, gearrann tú cuid de dhromchla an ruda nó briseann tú tríd sa chaoi go ndéantar bealach tríd an dromchla nó tríd an rud ar fad. poll a chur i gcrios chuir sé poll ina chathéide
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...