píosa
cmu (gen.sg. g.u. píosa; nom.pl. ; a.i. píosaí; gen.pl. ; g.i. píosaí) 1. Is ionann píosa de rud éigin agus cuid nó méid de rud éigin níos mó. De ghnáth, is cuid bheag a briseadh, a stróiceadh nó a gearradh den rud sin a bhíonn i gceist. píosa aráin píosa páipéir píosa talún 2. musicceol, literaturelitríochtSaothar ceoil, scríbhneoireachta nó ealaíne chas sí píosa a chum sí féin píosa ceoil píosa scríbhneoireachta 3. Tréimhse ama measartha fada bhí mé ann ar feadh píosa tá sí amuigh le píosa 4. Is ionann píosa rópa, éadaigh, adhmaid nó ábhar eile agus cuid de a bhfuil sé i gceist agat é a úsáid le haghaidh cuspóir ar leith nó i gcás ar leith. píosa adhmaid píosa de théad 5. gamescluichíIs ionann na píosaí a úsáideann tú nuair a imríonn tú cluiche cláir ar nós fichille agus na nithe a rinneadh go speisialta don chluiche agus a bhogann tú timpeall an chláir. 6. financeairgeadasIs féidir píosa a thabhairt ar bhonn airgid ar leith. Mar shampla, is ionann píosa 20 cent agus bonn ar fiú 20 cent é. píosa dhá euro píosa ar phíosa Má dhéantar nó má tharlaíonn rud éigin píosa ar phíosa, déantar é nó tarlaíonn sé de réir a chéile, go mírialta de ghnáth agus ar bhealach nach bhfuil iomlán sásúil. táthar á dhíol píosa ar phíosa Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...