páirt
cmu (gen.sg. g.u. páirte; nom.pl. ; a.i. páirteanna; gen.pl. ; g.i. páirteanna) 1. Is ionann páirt de rud éigin agus cuid, mír nó gné ar leith den rud sin. is páirt thábhachtach dá saol é tá an pháirt sin den teach níos sine ní mór gach páirt den fhoirm a chomhlánú 2. engineeringinnealtóireachtIs ionann na páirteanna de mheaisín, feithicil, píosa innealra, srl, agus na codanna a bhfuil na rudaí sin déanta díobh. páirteanna spártha / páirteanna breise 3. theatreamharclannaíocht, cinemacineamaRól ar leith a bhíonn ag aisteoir i ndráma nó i scannán tá an phríomhpháirt aici sa dráma rinne seisean páirt an uncail 4. Má tá páirt agat i ngníomhaíocht, cás nó sochaí, tá ról agus feidhm ar leith agat iontu. bhí páirt ghníomhach ag Éirinn san idirbheartaíocht páirt a ghlacadh i rud cén pháirt atá agatsa sna cúrsaí seo go léir? → páirt- dul i bpáirt le duine/grúpa Má théann tú i bpáirt le duine, eagraíocht, gluaiseacht, srl, taobhaíonn nó tacaíonn tú leo i cibé cúis, feachtas, argóint, srl, a bhfuil siad gafa leo. chuaigh sé i bpáirt leis an bpáirtí cumannach chuaigh siad i bpáirt lena chéile chun an t-airgead a bhailiú Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...