ord
cmu (gen.sg. g.u. oird; nom.pl. ; a.i. oird; gen.pl. ; g.i. ord) 1. Eagar nó córas a úsáidtear chun rudaí nó daoine a eagrú nó chun déileáil leo de réir seicheamh nó leagan amach ar leith. De ghnáth úsáidtear critéar éigin, msh méid nó tábhacht na rudaí a bhíonn i gceist nó an chéad litir i bhfocail, chun ord ar leith a leagan síos. cuir na himeachtaí staire seo in ord ama tá siad san ord mícheart agat ní raibh na hainmneacha in ord / bhí na hainmneacha as ord in ord aibítre in ord croineolaíoch in ord tábhachta san ord contrártha 2. An staid nó cás nuair a bhíonn gach rud san áit cheart agus nuair a bhíonn rudaí á ndéanamh nó ag tarlú ag an am ceart tá gach rud in ord 3. lawdlí, policepóilíneachtAn cás nuair a bhíonn daoine ag cloí leis an dlí agus ní bhíonn siad ag troid ná i mbun círéibe tugadh an t-arm isteach chun ord a athbhunú dlí agus ord 4. religionreiligiúnIs ionann ord reiligiúnda agus grúpa manach nó grúpa mná rialta a chaitheann a saol de réir rialacha faoi leith. ord mná rialta Ord na bProinsiasach 5. constructiontógáilCasúr mór trom a bhfuil cos fhada air, a úsáidtear chun carraigeacha agus coincréit a bhriseadh ina bpíosaí ord agus eagar Má tá rudaí in ord agus in eagar, nó má tá ord agus eagar orthu, tá slacht orthu nó tá siad eagraithe ar bhealach néata. tá ord agus eagar ar gach rud / tá gach rud in ord agus in eagar ord agus eagar a chur ar rudaí / rudaí a chur in ord agus in eagar gan ord gan eagar (also nó gan ord ná eagar) Má deir tú go bhfuil rud éigin gan ord gan eagar, tá tú ag cáineadh an ruda sin toisc nach bhfuil slacht ar bith air nó toisc nach bhfuil sé leagtha amach de réir plean ar leith. ní raibh ord ná eagar ar chúrsaí rinne sé carnán gan ord gan eagar díobh as ord Má tá meaisín nó gléas as ord, tá siad briste agus níl siad ag obair nó ag feidhmiú i gceart. tá an printéir as ord arís Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...