neamhthoil
(gen.sg. g.u. neamhthola) Má léiríonn duine neamhthoil maidir le gníomh nó le beart, níl siad go hiomlán ar son an ghnímh nó an bhirt, nó tá siad drogallach ina dtaobh. neamhthoil an phobail na táillí nua a íoc ainneoin a neamhthola chuathas ar aghaidh leis an tionscadal de do neamhthoil Má dhéanann tú rud de do neamhthoil, déanann tú é trí thimpiste nó in aghaidh do thola. ar do neamhthoil Má dhéanann tú rud nó má dhéantar rud ar do neamhthoil, déanann tú é nó déantar é cé nach bhfuil tú ag aontú leis an rud sin nó cé nach bhfuil tú ar do chompord leis. Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...