Similar words :

nóisean

 cmu
masculine noun, 1st declensionainmfhocal firinscneach, 1ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. nóisin; nom.pl. ; a.i. nóisin; gen.pl. ; g.i. nóisean) 1. Coincheap, smaoineamh nó tuairim i dtaobh rud éigin a gcreideann daoine ann. leis an náisiúnstát a tháinig nóisean na litríochta náisiúnta chun cinn 2. Tuairim atá agat de rud éigin, nó braistint faoi, bíodh nach mbíonn aon bhunús ródhaingean leis an tuairim sin. bhí nóisean aige gur mhaith leis bheith ina scríbhneoir níl ann ach nóisean dá chuid nóisean iomrallach gan dealramh é sin 3. Mian rud éigin a dhéanamh nó a bheith agat. Tagann an mhian sin ort go tobann agus bíonn an chuma uirthi nach bhfuil cúis mhaith ná dháiríre léi. bhuail an nóisean í imeacht chun na hAstráile PhrasesNathanna nóisean a bheith agat do dhuine Nuair a bhíonn nóisean agat do dhuine, tá spéis rómánsúil agat sa duine sin agus ba mhaith leat aithne níos mó a chur orthu. 'Tá nóisean aige di, sílim!' nóisin a thabhairt do dhuine Má thugann tú nóisin do dhuine bíonn tú ag tabhairt le fios dóibh go bhfuil siad níos fearr nó níos galánta ná mar atá siad i ndáiríre.
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...