muinín
cmu (gen.sg. g.u. muiníne) 1. Má tá muinín agat, iompraíonn tú thú féin ar bhealach a léiríonn go bhfuil tú cinnte de do chumas féin nó den mheas atá ag daoine eile ort. tá an-mhuinín aici tugann sé muinín dóibh bhí easpa muiníne ag cur as dó 2. Má tá muinín agat as duine, creideann tú go bhfuil an duine sin ionraic agus macánta agus gur féidir leat brath orthu. níl muinín ar bith agam astu chaill siad muinín sa chóras muinín a chur i nduine/rud Má chuireann tú do mhuinín i nduine nó i rud, creideann tú gur féidir leat brath go hiomlán ar an duine nó ar an rud sin. ní chuirfinn muinín dá laghad iontu beidh ort muinín a chur inti dul i muinín duine/ruda 1. Má théann tú i muinín duine nó ruda, bíonn tú sásta glacadh leis gur féidir brath ar an duine nó an rud sin bíodh is nach bhfuil tú cinnte ar fad fúthu. shocraíomar dul i muinín an Teachta Dála chuamar i muinín na teicneolaíochta nua 2. Má théann tú i muinín ruda, téann tú ina bhun toisc nach bhfeictear duit go bhfuil rogha eile ar fáil duit chun an cuspóir atá uait a bhaint amach. ná téigh i muinín an fhoréigin Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...