mo
cmu Usage NoteNóta Úsáide Bíonn séimhiú ar an bhfocal a thagann i ndiaidh mo. Scríobhtar é mar m', gan spás ina dhiaidh, nuair is focal a thosaíonn ar ghuta nó ar fh + guta a thagann ina dhiaidh.Lenites; written m', without a space after it, before a word beginning with a vowel or with fh + vowel. Úsáideann tú mo chun a léiriú gur leatsa an rud atá i gceist, nó go mbaineann an duine nó rud atá i gceist leatsa. (A) le hainmneach ainmfhocail ní raibh mo ghuthán liom tá m'eochracha caillte agam bhí m'fhuinneog oscailte níor thug mé mo fhreagra fós (B) nuair a bhíonn ginideach i gceist aintín m'athar uncail mo mháthar cara mo dheartháir beag / cara mo dhearthár bhig formalfoirmeálta zip mo chasóg bháistí / zip mo chasóige báistí formalfoirmeálta (C) le focail a mbíonn 'cuid' rompu de ghnáth, msh: is maith liom mo chuid oibre chaith mé leath mo chuid airgid air nigh mé mo chuid gruaige tá mo chuid ama luachmhar (D) le focail a mbíonn rogha ann 'cuid' a chur rompu, msh: mo chairde / mo chuid cairde mo dhualgais / mo chuid dualgas mo laethanta saoire / mo chuid laethanta saoire do mo ... verbal object, 1st person singularcuspóir briathartha, 1ú pearsa uathaÚsáideann tú do mo ... roimh ainm briathartha chun a léiriú gur ortsa atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm. beidh sí do mo cheistiú tá sin do mo ghortú nuair a bhí mé do m'oiliúint ní do mo mholadh a bhíothas, bí cinnte de sin! Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...