Similar words :

mise

 cmu
Personal pronoun, 1st person singularForainm pearsanta, 1ú pearsa uatha Úsáideann tú mise chun tagairt le treise duit féin nuair a bhíonn tú ag dealú idir dhaoine difriúla nó sna comhthéacsanna gramadaí seo a leanas:mar ainmní gnáthbhriathair;mar chuspóir gnáthbhriathair;mar ainmní na copaile;mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail;mar chuspóir réamhfhocail nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige. cé, mise nó ise? Maratón a rith? Mise? tá a fhios agam, ach mise? - ní thuigim sin ó, a dhiabhail, mise arís! 'Cé a bhuaigh?' 'Mise.' (A) mar ainmní gnáthbhriathair tá mise réidh ach níl siadsan ní dhéanfaidh mise é ar cháiligh mise freisin? b'fhearr leo mise a bheith ciúin (B) mar chuspóir gnáthbhriathair phioc siad mise roimhesean thit mé féin freisin, ach níor gortaíodh mise ba mhaith leo mise a chur isteach i d'áitse (C) mar ainmní na copaile is foghlaimeoir mise / foghlaimeoir is ea mise ní maith leo mise ba as an gceantar céanna mise is mise an t-úinéir ní mise is measa orthu síleann siad gur mise an duine ceart chuige, ní tusa 'An mise an buaiteoir?' 'Is tú.' 'An lánbhall mise?' 'Is ea.' (D) mar ainmní nó mar chuspóir gnáthbhriathair i bpatrún treisithe leis an gcopail mise atá ann mise a roghnaigh iad / is mise a roghnaigh iad mise a roghnaigh siad / is mise a roghnaigh siad ní mise a thosaigh an raic déarfainn gur mise ba chúis leis, ceart go leor nach mise féin a scríobh é? 'An mise a bhuaigh?' 'Is tú.' (E) mar chuspóir réamhfhocail nach bhfuil forainm réamhfhoclach aige idir mise agus an doras beidh siad go breá gan mise gach duine ach mise
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...