Similar words :

lom

 cmu
adjective, 1st declensionaidiacht, 1ú díochlaonadh (nom.m. a.f. lom; nom.f. ; a.b. lom; gen.m. ; g.f. loim; gen.f. ; g.b. loime; nom.pl. ; a.i. loma; gen.pl. ; g.i. loma/lom; comp./super. ; breis/sár loime) 1. Má tá crann nó craobh lom, níl aon duilleoga orthu. tá na crainn lom 2. Má tá achar talún lom, níl aon phlandaí ag fás air. garraí lom 3. Is ionann áit nó tírdhreach lom agus áit nó tírdhreach atá fiáin fuar agus folamh, nach mbíonn mórán tóra ag daoine orthu. tír lom 4. Má tá seomra, cófra nó seilf lom, tá siad folamh. ní raibh sa teach ach seomraí loma bhí an t-árasán lom 5. Má tá ball de do chorp lom, níl aon éadaí ag clúdach an bhaill sin. bhí a guaillí lom 6. Má tá rud éigin lom, msh scéal, cuntas, srl, ní thugtar nó ní luaitear iontu ach na rudaí is bunúsaí agus is tábhachtaí a bhaineann le hábhar. cuntas lom a thug sé ar an eachtra sin an fhírinne lom stíl lom an údair ráiteas lom 7. Má tá rud éigin a deir duine leat lom, deir an duine sin díreach an rud atá i gceist acu leat, go lánoscailte agus go lánmhacánta, gan aon fhiacail a chur ann. in adverbial phrasei bhfrása dobhriatharthago lom rud a rá go lom 8. Má tá duine, ainmhí nó ball coirp lom, níl mórán saille orthu, sa chaoi is nach bhfuil siad leathan ná ramhar. verbbriathar (pr. láith. lomann; fut. ; fáist. lomfaidh; past ; caite lom; cond. ; coinn. lomfadh; vb.n. ; ainm br. lomadh) 9. horticulturegairneoireachtMá lomann tú talamh a bhfuil féar air, msh páirc, garraí, srl, gearrann tú an féar den talamh sin, go minic le hinneall a dtugtar lomaire féir air.transitiveaistreach lom sé an gairdín 10. agriculturetalmhaíochtMá lomtar caora, gearrtar fionnadh olla na caorach sin di.transitiveaistreach caoirigh a lomadh 11. Má lomann tú rud éigin, baineann tú as a chéile é, baineann tú gach rud atá clúdaithe air de nó tógann tú gach a bhfuil ann as.transitiveaistreach lom siad an teach 12. Má lomann tú duine, gearrann tú costas ró-ard orthu ar rud éigin nó cuireann tú dallamullóg orthu chun a lán airgid a fháil uathu.transitiveaistreach lom an tiománaí tacsaí mé PhrasesNathanna lom láithreach Má dhéantar nó má tharlaíonn rud éigin lom láithreach, déantar nó tarlaíonn sé ar an toirt gan aon mhoill.
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...