leithscéal
cmu (gen.sg. g.u. leithscéil; nom.pl. ; a.i. leithscéalta; gen.pl. ; g.i. leithscéalta) 1. Rud a deir tú nó a scríobhann tú chun a chur in iúl do dhuine éigin go bhfuil brón ort faoi rud éigin a rinne nó a dúirt tú a ghortaigh an duine sin nó a tharraing trioblóid orthu leithscéal a ghabháil le duine faoi rud / leithscéal a dhéanamh le duine faoi rud ghabh sé a leithscéal liom níos déanaí is mian liom mo mhíle leithscéal a dhéanamh leat rinne sí a leithscéal go raibh sí mall / ghabh sí leithscéal as bheith déanach ghabh sé leithscéal ó chroí as gan a rá linn 2. Cúis a thugann tú chun a mhíniú cén fáth a ndearna nó nach ndearna tú rud éigin, nó chun nach mbeidh ort rud éigin a dhéanamh tá súil agam go bhfuil leithscéal maith agat! níl ansin ach leithscéal chun gan dul cén leithscéal a thug sí faoi gan teacht? níl aon leithscéal acu gan íoc an seanleithscéal céanna / seanleithscéal agus meirg air 3. business administrationgnó & riarachánFógra a thugann duine nuair nach féidir leo freastal ar chruinniú fuarthas leithscéalta ó Nóra agus ó Sheán gabh mo leithscéal 1. formalfoirmeáltaMá deir tú gabh mo leithscéal le duine, tá tú ag rá go bhfuil brón ort faoi rud éigin a rinne nó a dúirt tú. gabh mo leithscéal, ní raibh sé i gceist agam tú a mhaslú gabh mo leithscéal faoi sin / gabh mo leithscéal as sin 2. Deir tú gabh mo leithscéal le duine nuair a theastaíonn uait aird an duine sin a tharraingt go béasach, go háirithe nuair a bhíonn tú ar tí ceist a chur orthu. gabh mo leithscéal, an dtig liom biachlár a fháil? 3. (also nó mo leithscéal)Deir tú gabh mo leithscéal le duine má bhuaileann tú ina n-aghaidh nó má tá tú ag iarraidh orthu bogadh chun ligean duit dul tharstu. gabh mo leithscéal, an bhféadfainn dul tharat ansin? mo leithscéal, caithfidh mé dul sa treo sin 4. (also nó mo leithscéal)Deir tú gabh mo leithscéal le duine nuair a chuireann tú isteach orthu nó nuair a ghearrann tú isteach orthu agus iad ag caint. gabhaigí mo leithscéal as gearradh isteach oraibh mo leithscéal, níor thuig mé go raibh scuaine ann 5. (also nó mo leithscéal)Deir tú gabh mo leithscéal chun a léiriú go bhfuil brón ort nuair a dhéanann tú rud éigin atá saghas míbhéasach nó a bhfuil cearthaí ort faoi, msh sraoth a ligean nó brúcht a dhéanamh. 6. (also nó mo leithscéal)Deir tú gabh mo leithscéal le duine nuair nach gcloiseann nó nach dtuigeann tú i gceart an méid a dúirt siad agus ba mhaith leat go ndéarfaidís arís é. gabh mo leithscéal, ar mhiste leat é sin a rá arís? mo leithscéal, níor chuala mé i gceart thú 7. (also nó mo leithscéal)Deir tú gabh mo leithscéal le duine nuair a bhíonn tú ar tí fágáil nó stopadh de bheith ag caint leo. gabh mo leithscéal, caithfidh mé é seo a fhreagairt mo leithscéal, ní mór dom an bóthar a bhualadh 8. Deir tú gabh mo leithscéal! chun a léiriú go bhfuil ionadh nó míshásamh ort mar gheall ar rud éigin a dúirt nó a rinne duine eile. Gabh mo leithscéal! Tusa is cúis leis seo ar fad! Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...