Similar words :

lasc

 cmu
verbbriathar (pr. láith. lascann; fut. ; fáist. lascfaidh; past ; caite lasc; cond. ; coinn. lascfadh; vb.n. ; ainm br. lascadh) 1. Má lasctar duine nó ainmhí, buailtear iad le fuip, le bata, srl.transitiveaistreach lasc sé le fuip iad 2. Má lasctar rud éigin, buailtear an rud sin go crua agus déantar torann ard.transitiveaistreach bhí sé ag lascadh an bhalla le maide bhí an bháisteach ag lascadh na fuinneoige lasc sé an liathróid isteach san eangach rud a lascadh le casúr 3. Má lascann tú doras nó má lascann doras, dúntar go tobann agus go torannach é.transitiveaistreach ní fiú a bheith ag lascadh doirseintransitiveneamhaistreach lasc an doras feminine noun, 2nd declensionainmfhocal baininscneach, 2ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. laisce; nom.pl. ; a.i. lasca; gen.pl. ; g.i. lasc) 4. Píosa fada caol leathair nó rópa atá ceangailte de chos righin. Úsáidtear lasc chun daoine nó ainmhithe a bhualadh. 5. Rialtán beag le haghaidh gléas leictreach a úsáidtear chun an gléas a chur ar siúl nó a mhúchadh lasc a bhrú / lasc a bhualadh lasc sholais 6. Buille d'fhuip nó de bhata, go háirithe ar dhroim duine mar phionós lasc den tslat 7. Buille crua a thugtar do rud éigin agus a dhéanann torann mór buail lasc mhaith air!
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...