Similar words :

léig

 cmu
PhrasesNathanna i léig 1. Má théann duine i léig, éiríonn siad níos laige. tá sláinte a mhamó ag dul i léig 2. Má théann rud i léig nó má ligtear i léig é, éiríonn sé níos measa ar bhealach éigin, msh bíonn sé níos contúirtí nó bíonn caighdeán níos ísle ag baint leis. lig siad don teach dul i léig 3. Má théann rud éigin i léig, ní úsáidtear é a thuilleadh agus éiríonn sé níos neamhchoitianta agus níos neamhchoitianta go dtí nach ann dó a thuilleadh. tá an cineál sin teanga imithe i léig / tá an cineál sin teanga i ndiaidh dul i léig 4. Má théann rud éigin i léig, éiríonn sé níos lú de réir a chéile ó thaobh méide, tábhachta nó nirt de agus, go minic, imíonn sé ar fad. thosaigh an tacaíocht ag dul i léig 5. lawdlíMá théann cás nó conradh dlí i léig, ligtear dóibh teacht chun deiridh agus ní leantar ar aghaidh leo, ní dhéantar iad a athnuachan nó ní chuirtear síneadh leo. d'imigh an conradh i léig / chuaigh an conradh i léig 6. Má théann rud éigin i léig, cailltear an fuinneamh nó díograis a bhaineann leis de réir a chéile agus tagann deireadh leis ar bhealach a chuirfeadh díomá nó lagmhisneach ort mar gur cuireadh tús maith leis. chuaigh an feachtas i léig / d'imigh an feachtas i léig
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...