Similar words :
••••

istigh

  cmu
adverbdobhriathar 1. Úsáideann tú istigh chun a léiriú go bhfuil duine nó rud éigin suite nó ag tarlú laistigh de spás nó d'áit a bhfuil taobhanna, balla nó teorainn timpeall orthu, msh seomra, foirgneamh, coimeádán, limistéar, srl, seachas lasmuigh díobh. tá mé amuigh sa halla anseo, tá sé róthe istigh ansin tá sé istigh á réiteach féin d'fhág mé an ríomhaire istigh san oifig d'oscail mé an clúdach agus bhí seic istigh ann 2. Úsáideann tú istigh chun a léiriú go bhfuil duine nó rud laistigh d'fhoirgneamh seachas amuigh faoin aer. d'fhan siad istigh mar gheall ar an mbáisteach 3. Má tá am nó tréimhse ama ar leith istigh, tá an méid ama a bhí i gceist caite. tá an t‑am istigh beidh a téarma istigh ag an Nollaig 4. Úsáideann tú istigh chun a léiriú go bhfuil duine éigin in áit ar leith ina mbíonn siad de ghnáth, msh sa bhaile, ina n‑oifig nó ina n‑áit oibre. an bhfuil d'athair istigh? níl sí istigh faoi láthair, an féidir liom teachtaireacht a ghlacadh di? ní bhíonn sé istigh ar an Luan beidh mé istigh go luath amárach 5. sportspórtSa spórt, úsáideann tú istigh chun a léiriú go bhfuil liathróid, imreoir, cos imreora, srl, laistigh de theorainn limistéar imeartha a bhaineann le cluiche nó le spórt ar leith. bhí an liathróid istigh bhí a cos istigh istigh! adjectiveaidiacht 6. Is ionann an chuid istigh de rud agus an chuid is gaire don lár, a bhfuil cuid eile den rud taobh amuigh di nó timpeall uirthi. an balla istigh na bruachbhailte istigh an t‑imeall istigh an lána istigh 7. Is ionann rud, imeacht nó gníomhaíocht istigh agus cinn atá suite, a tharlaíonn nó a dhéantar taobh istigh d'fhoirgneamh seachas amuigh faoin aer. leithreas istigh obair istigh PhrasesNathanna bheith istigh ar rud Má tá tú istigh ar rud éigin ar nós comórtais, gradaim, poist, srl, tá tú san iomaíocht lena n‑aghaidh. an bhfuil mórán istigh air i mbliana? bheith istigh leat féin Má tá tú istigh leat féin, mothaíonn tú sona, muiníneach agus compordach ionat féin. níl sí istigh léi féin le déanaí
Loading phrases and examples...