Similar words :

iontas

 cmu
masculine noun, 1st declensionainmfhocal firinscneach, 1ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. iontais; nom.pl. ; a.i. iontais; gen.pl. ; g.i. iontas) 1. An mothúchán a bhraitheann tú nuair a tharlaíonn rud éigin nach raibh súil agat leis nó nuair a fhaigheann tú amach faoi rud éigin nach raibh súil agat leis tá iontas orm faoi sin bhí iontas air go bhfuil tú fós anseo 'Anseo?' a d'fhiafraigh sí agus iontas uirthi. chuir an bronntanas an-iontas air ní chuireann sé sin aon iontas orm! ní chuirfeadh sé iontas ar bith orm dá ... nach uirthi a bhí an t-iontas nuair a chonaic sí an carr! rinne sí an-iontas de 2. Rud éigin nach raibh súil leis nó atá neamhghnách, msh imeacht, scéala, fíric, srl is mór an t-iontas nár bhuaigh sí ní haon iontas é sin! ní iontas ar bith go bhfuil siad míshásta ba bheag an t-iontas dúinn gur dhiúltaigh sé 3. Rud éigin a chuireann an-ionadh nó alltacht ar dhaoine nó a mbíonn daoine an-tógtha leis iontas nádúrtha atá ann seacht n-iontas an domhain iontais na linne seo PhrasesNathanna iontas an domhain (also iontas an tsaoil) Mothúchán an-láidir a bhraitheann tú nuair a tharlaíonn rud éigin nach raibh súil ar bith agat leis nó nuair a fhaigheann tú amach faoi rud éigin nach raibh súil ar bith agat leis stán mé air agus iontas an domhain orm chuir an toradh iontas an domhain orthu chuirfeadh sé iontas an tsaoil orm dá ... ábhar iontais Rud éigin nach raibh súil leis nó atá neamhghnách, msh imeacht, scéala, fíric, srl ní haon ábhar iontais é sin! b'ábhar iontais é nár tháinig sé sa deireadh is mór an t-ábhar iontais domsa nach mbeidh sé ann ba mhór an t-ábhar iontais do mhuintir na háite é iontas na n-iontas 1. used ironicallyúsáid íoróntaDeir daoine iontas na n-iontas go híoróineach nuair a bhíonn siad ag caint faoi rud éigin an-neamhghnách nó nach raibh súil ar bith leis. 'Deir sí gur féidir léise tiomáint anocht.' 'Bhuel, iontas na n-iontas!' 2. used ironicallyúsáid íoróntaDeir daoine iontas na n-iontas go híoróineach nuair a bhíonn siad ag caint faoi rud éigin a d'fhéadfaí a thuar agus nach aon ionadh é ar chor ar bith. a shealsan atá ann anocht ach, iontas na n-iontas, ní thig leis teacht
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...