Similar words :
••••

ionad

  cmu
masculine noun, 1st declensionainmfhocal firinscneach, 1ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. ionaid; nom.pl. ; a.i. ionaid; gen.pl. ; g.i. ionad) 1. Foirgneamh a mbíonn cruinnithe ag daoine ann, a mbíonn daoine ag glacadh páirte i ngníomhaíocht ar leith ann, nó a bhfaigheann daoine cabhair de chineál éigin ann ionad cultúrtha ionad leighis ionad oiliúna 2. Roinnt foirgneamh atá deartha le haghaidh cuspóir ar leith nó foirgneamh mór amháin atá roinnte ina chodanna éagsúla ionad siopadóireachta 3. ++ geographytíreolaíocht, mathematicsmatamaitic, nauticalmuiríAn áit a bhfuil duine nó rud éigin d'ionad a fháil ar mhapa ionad an fhocail san abairt genitive singular as a modifierginideach uatha mar cháilitheoirionaid cruinneas ionaid 4. sociologysocheolaíochtIs ionann ionad duine nó ruda i sochaí, córas nó cás ar leith agus an ról nó stádas atá acu i gcomparáid le daoine nó le rudaí eile. 5. An áit a mbíonn ócáid nó gníomhaíocht ar siúl athrú ionaid 6. An áit a mbíonn duine ina seasamh nó an áit ar cheart do dhuine a bheith ina seasamh, msh chun gníomhaíocht nó dualgas ar leith a chomhlíonadh d'ionad a ghlacadh / d'ionad a thógáil 7. mathematicsmatamaiticIs ionann líon na n‑ionad de dheachúlacha in uimhir agus líon na bhfigiúirí atá ar thaobh na láimhe deise den phointe deachúlach. tabhair do fhreagra go dtí dhá ionad de dheachúlacha SubformsSainfhoirmeacha → ionaid PhrasesNathanna in ionad Is ionann rud a fhaightear, a dhéantar nó a thugtar in ionad agus rud a fhaightear, a dhéantar nó a thugtar in áit rud éigin eile mar go meastar go bhfuil an luach nó tábhacht chéanna ag an dá rud sin. fuair mé dhá lá in ionad in ionad ... 1. Má thagann rud nó duine in ionad rud eile nó duine eile, cuirtear ina n‑áit iad. tá an fón i ndiaidh teacht in ionad an cheamara dhigitigh 2. Má dhéantar rud in ionad rud éigin eile, déantar an rud sin mar mhalairt air. b'fhearr é a dhéanamh anois in ionad é a fhágáil go dtí an lá amárach ina ionad sin A dhéantar nó atá ann in áit rud éigin eile, msh mar thoradh ar chinneadh nó ar athrú intinne ina ionad sin, d'éirigh mé as is é a chonaic siad ina ionad sin ná ruaille buaille
Loading phrases and examples...