iomrá
cmu (gen.sg. g.u. iomrá) 1. Trácht nó tuairisc ar dhuine éigin nó rud éigin. Nuair nach bhfuil iomrá ar dhuine nó ar rud, níl aon trácht ná tuairisc orthu, níl ráflaíocht á déanamh orthu agus níl scéala ar bith fúthu. chuala mé iomrá air an bhfuil iomrá ar bith air? níl aon iomrá anois air 2. Aithne nó cuimhne fhorleathan ar dhuine, mar gheall ar rud atá déanta acu nó ar thréithe dá gcuid, msh gaisce nó maith a bheith déanta acu, nó iad a bheith cumasach, srl bean a bhfuil iomrá uirthi / bean a bhfuil iomrá léi ceoltóirí nach raibh iomrá ar bith orthu ba ea iad / ceoltóirí gan iomrá a bhí iontu tá iomrá na féile air tá iomrá uirthi i measc an phobail go fóill Loading phrases and examples...