iomlán
cmu (nom.m. a.f. iomlán; nom.f. ; a.b. iomlán; gen.m. ; g.f. iomláin; gen.f. ; g.b. iomláine; nom.pl. ; a.i. iomlána; gen.pl. ; g.i. iomlána/iomlán; comp./super. ; breis/sár iomláine) 1. Is ionann rud iomlán agus rud a bhfuil a chuid páirteanna uilig ann nó a bhfuil na gnéithe ar fad a bhaineann leis san áireamh. liosta iomlán dá cuid leabhar chócaráil sé an t‑iasc iomlán 2. Má bhíonn tú ag caint faoi rud iomlán, bíonn tú ag caint faoin réimse ar fad nó faoin méid ar fad atá i gceist leis an rud sin. an raon iomlán scileanna an réimse iomlán táirgí 3. ++ mathematicsmatamaitic, financeairgeadasIs ionann líon nó costas iomlán ruda agus an líon nó costas a fhaigheann tú nuair a nuair a shuimíonn tú le chéile na páirteanna ar fad atá sa rud sin nó nuair a chomhaireann tú na páirteanna ar fad atá ann. is é €200 an costas iomlán bhí an tsuim iomlán airgid ag dul dó ba é 160,000 an líon iomlán vótaí a caitheadh 4. Is ionann na buaiteoirí iomlána i gcomórtas, mar shampla, agus na buaiteoirí a bhain an comórtas ar fad go soiléir. buaiteoirí iomlána iad anois (gen.sg. g.u. iomláin; nom.pl. ; a.i. iomláin; gen.pl. ; g.i. iomlán) 5. An chuid ar fad de rud éigin thóg siad an t‑iomlán leo iomlán na ndaoine 6. ++ mathematicsmatamaitic, financeairgeadasAn uimhir a fhaigheann tú nuair a shuimíonn tú roinnt uimhreacha le chéile nó nuair a chomhaireann tú cé mhéad rud atá i ngrúpa áirithe tabhair ar aghaidh an t‑iomlán sin €40 san iomlán, go raibh maith agat go hiomlán 1. adverbial phrasefrása dobhriatharthaÚsáideann tú go hiomlán lena chur in iúl go bhfuil rud éigin fíor nó go n‑aontaíonn le rud éigin gan aon cheist, mar shampla. aontaím go hiomlán tá an ceart go hiomlán agat níl sé sin go hiomlán fíor 2. adverbial phrasefrása dobhriatharthaÚsáideann tú go hiomlán lena chur in iúl go bhfuil an méid is mó agus is féidir i gceist nó go bhfuil an rud ar fad i gceist, mar shampla. níor chreid sí go hiomlán é tá siad ag brath go hiomlán ar acmhainní na háite ar an iomlán Úsáideann tú ar an iomlán lena thabhairt le fios go bhfuil rud éigin fíor ar bhonn ginearálta nó an chuid is mó den am. ar an iomlán, is leabhar den scoth é tá siad sásta ar an iomlán san iomlán Is ionann méid nó figiúr san iomlán agus an méid nó figiúr a fhaigheann tú tar éis duit méideanna nó figiúirí éagsúla a shuimiú. bhí deichniúr ann san iomlán sin deich euro san iomlán Loading phrases and examples...