Similar words :
••••

geal

  cmu
adjective, 1st declensionaidiacht, 1ú díochlaonadh (nom.m. a.f. geal; nom.f. ; a.b. gheal; gen.m. ; g.f. ghil; gen.f. ; g.b. gile; nom.pl. ; a.i. geala/gheala; gen.pl. ; g.i. geala/geal; comp./super. ; breis/sár gile) 1. Má tá solas nó rud eile geal, tá siad lonrach nó tá solas ag teacht uathu. solas geal bhí an ghealach an‑gheal aréir in adverbial phrasei bhfrása dobhriatharthago geal bhí na coinnle ag soilsiú go geal 2. Má tá áit ar leith geal, msh seomra nó teach, tá an áit sin lán de sholas. tá oifig bhreá gheal aici 3. Is ionann dath geal agus dath atá láidir, gléineach agus feiceálach. Is ionann rud geal agus rud a bhfuil dath mar sin air. tá dath geal dearg ar an gcarr in adverbial phrasei bhfrása dobhriatharthago geal bhí sé péinteáilte go geal 4. Má tá sé geal, nó má tá an lá geal, tá an ghrian ag soilsiú, go háirithe i dtús nó i ndeireadh an lae. bhí sé geal nuair a dhúisigh sí arís i lár an lae ghil 5. Ar dhath an tsneachta nó an bhainne bhí léine gheal air tá fiacla geala aici d'éirigh sé geal nuair a ghlan mé é tháinig dath geal air nuair a chonaic sé an bille 6. Is ionann duine geal agus duine a bhfuil craiceann geal orthu agus ar de chine de bhunús Eorpach iad. fear geal a bhí ina athair daoine geala 7. Is ionann fíon geal agus fíon a bhfuil dath éadrom buí air. fíon geal de chuid na Spáinne verbbriathar (pr. láith. gealann; fut. ; fáist. gealfaidh; past ; caite gheal; cond. ; coinn. ghealfadh; vb.n. ; ainm br. gealadh) 8. Má ghealann duine nó rud éigin áit, déanann siad an áit sin níos gile agus níos tarraingtí.transitiveaistreach gheal an dath nua an seomra go léir 9. Má ghealann duine nó rud éigin cás nó má ghealann an cás, éiríonn an cás sin níos fearr, níos taitneamhaí nó níos fabhraí.transitiveaistreach gheal an dea‑scéala mo chroíintransitiveneamhaistreach gheal mo chroí nuair a chonaic mé arís iad 10. Má deir tú gur gheal lá ar leith, tá tú ag rá gur tháinig nó gur thosaigh sé, de ghnáth le héirí na gréine.intransitiveneamhaistreach gheal an lá 11. Má ghealann rud éigin, nó má ghealann tú é, tagann dath níos báine, nó níos éadroime air.transitiveaistreach gealann an taos a bhfiaclaintransitiveneamhaistreach gheal an phéint faoin ngrian 12. Má ghealann an spéir nó an aimsir, éiríonn an aimsir níos fearr agus glanann na scamaill nó an bháisteach.intransitiveneamhaistreach gheal an spéir tar éis am dinnéir 13. Má ghealann duine nó má ghealann a n‑aghaidh, tagann cuma an‑sásta orthu go tobann.intransitiveneamhaistreach gheal a aghaidh nuair a chuala sé an scéal masculine noun, 1st declensionainmfhocal firinscneach, 1ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. gil) 14. Dath an tsneachta nó an bhainne tá an geal ag éirí salach SubformsSainfhoirmeacha → geal‑ PhrasesNathanna éiríonn go geal le ... Má deir tú gur éirigh go geal le duine nó le rud, tá tú ag rá go raibh toradh an‑mhaith ar fad ar a gcuid iarrachtaí. go n‑éirí go geal leat, a Sheáin! d'éirigh go geal léi sna scrúduithe is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin proverbseanfhocalSeanfhocal a deir go mbíonn tuairimí difriúla ag daoine difriúla maidir le cad is fiúntas nó áilleacht ann, agus nach bhfeiceann daoine in amanna na lochtanna a bhíonn ar dhaoine nó ar rudaí atá bainteach leo féin
Loading phrases and examples...