Similar words :

fara

1 cmu Usage NoteNóta Úsáide
prepositionréamhfhocal Ní dhéantar aon athrú tosaigh ar an bhfocal a thagann i ndiaidh an réamhfhocail fara. Athraíonn fara go dtí fairis roimh gach foirm den alt. Féach an nóta úsáide chun eolas a fháil maidir leis an struchtúr fara + an t-alt uatha + ainmfhocal (+ aidiacht). The word after the preposition fara does not undergo any initial mutation. fara becomes fairis before each form of the article. See the usage note for information on the fara + singular article + noun (+ adjective) structure. 1. Má tá duine amháin fara duine eile nó má tá rud amháin fara rud eile, tá siad in éineacht leo san áit chéanna. bhí sé amuigh ag siúl fara cúigear nó seisear eile na daoine a bhí fairis an aire cé eile atá ag obair farat? bhí clog ar an matal fara cúpla grianghraf le hainmfhocal agus aidiacht, gan an t-alt fara fear gnóthach fara bean ghnóthach le hainmfhocal agus aidiacht, leis an alt fara an bhfear gnóthach / fara an fhear ghnóthach fara an mbean ghnóthach / fara an bhean ghnóthach fara an siséal géar / fara an tsiséal ghéar fara an tsluasaid mhór 2. Má tá rudaí nó daoine ann fara méid, líon nó suim ar leith, tá na rudaí nó daoine sin ann sa bhreis ar an méid, líon nó suim ar leith sin. ní raibh mórán fara trí troithe d'uisce san abhainn bhí daoine eile ann fairis na hoibrithe 3. Má bhíonn tú ag caint faoi dhuine nó rud amháin fara duine nó rud eile, bíonn tú ag cur an chéad duine nó ruda i gcomparáid nó i gcodarsnacht leis an duine nó rud eile. fara tuarastal múinteora fara an gcaoi a gcaitear leis na mná ansin

fara

2 ornithologyéaneolaíocht, zoologyzó-eolaíocht cmu
masculine noun, 4th declensionainmfhocal firinscneach, 4ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. fara; nom.pl. ; a.i. faraí; gen.pl. ; g.i. faraí) 1. Maide gearr a suíonn éan air 2. Áit a mbíonn éin, ialtóga nó feithidí ina gcodladh nó ag ligean a scíthe théadh ialtóga ar an bhfara ansin go rialta
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...