eile
cmu 1. Úsáideann tú eile chun tagairt do mhéid breise de rud éigin, rud breise, rudaí breise, duine breise nó daoine breise, go háirithe den chineál a luadh nó a thuigtear a bheith i gceist cheana féin. cuir beagán eile leis d'fhan mé uair an chloig eile thug sé sracfhéachaint eile air tá roinnt eile sa chuisneoir beidh an ceathrar againn ag ithe dinnéir agus tiocfaidh na daoine eile ar ball 2. Úsáideann tú eile chun a chur in iúl nach ionann an rud, na rudaí, an duine nó na daoine a bhfuil tú ag tagairt dóibh agus ceann, cinn, duine nó daoine a luadh nó a thuigfí a bheith i gceist. sin scéal eile ar fad ní hin a bhí gceist agam ach rud eile an bhfuil míniú eile agatsa air? bealach eile córas vóta eile 3. Deir tú, mar shampla, aon rud eile, rud éigin eile, gach rud eile, aon duine eile, duine éigin eile nó gach duine eile chun tagairt ghinearálta a dhéanamh do rudaí nó do dhaoine seachas an ceann nó an duine a luadh nó a thuigtear a bheith i gceist cheana féin. áit éigin eile tá rud éigin eile ag cur as di is cuma faoi rud ar bith eile / is cuma faoi aon ní eile an raibh aon duine eile ann? chuir sé an milleán ar gach duine eile 4. Tugtar an taobh eile de rud ar an gceann is faide uait nó ar an gceann is faide ón taobh a luadh nó a thuigtear a bheith i gceist. an taobh eile den seomra 5. Úsáideann tú eile tar éis forainm ceisteach, msh 'cé eile?' nó tar éis frása dobhriathartha ceisteach, msh 'cá háit eile?' chun fiafraí faoi rudaí nó faoi dhaoine seachas an ceann nó an duine a luadh nó a thuigtear a bheith i gceist cheana féin. Deir tú, mar shampla, 'is beag eile a rinne mé' chun a chur in iúl nach ndearna tú mórán seachas cibé rud a luadh nó a thuigtear a bheith i gceist. cé eile? is beag eile atá le déanamh thart anseo ach dul ag siúl cois trá 6. Deir tú, mar shampla, gur beag eile atá ann de rud, nó faoi achar ama nó fad, gur gairid eile, chun a chur in iúl gur beag an méid, an t‑achar nó an fad atá fágtha nó atá fós romhat ón am atá i láthair nó ón bpointe ag a bhfuil tú, go háirithe i gcomparáid leis an méid, achar nó fad a bhí i gceist ar dtús. ba bheag eile a bhí le rá an fada eile go mbeimid ann? is gairid eile a mhairfidh siad / ní fada eile a mhairfidh siad Loading phrases and examples...