Similar words :

ea

Neutral pronounForainm neodrach An forainm neodrach, a úsáidtear i bhfrásaí gearra tar éis na copaile chun tagairt siar do (A) ainmfhocal nó frása ainmfhoclach éiginnte, nó (B) frása, clásal nó abairt i gcomhthéacsanna gramadaí ar leith. D'fhéadfadh foirm nó aimsir ar bith den chopail a bheith i gceist. (A) ainmfhocal éiginnte nó frása ainmfhoclach éiginnte 'An leabhar nua é?' 'Is ea.' 'Éan atá ann.' 'Ní hea, ach eitleán!' 'An cabhair ar bith é sin?' 'Is ea, cinnte.' 'An cainteoir dúchais í Gráinne?' 'Ceapaim gurb ea.' 'Ba mhúinteoirí cáilithe iad, nárbh ea?' 'Ba ea go deimhin.' seans gur botún é sin ach níl a fhios agamsa an ea nó nach ea dúirt siad gur bhaill iad ach is cosúil nárbh ea (B) frása, clásal nó abairt 'Nach amárach atá siad ag teacht?' 'Is ea.' ar saoire atá sí, nach ea? 'An ag magadh a bhí sé?' 'Ceapaim gurbh ea.' ní toisc go bhfuil siad míshásta, an ea? iasacht a fháil an t-aon rogha a bhí ann, arbh ea? PhrasesNathanna ... is ea ... Úsáidtear an struchtúr ... is ea ... chun a rá cén cineál duine nó ruda iad duine, rud nó forainm. Ainmfhocal nó frása ainmfhoclach éiginnte a bhíonn san fhaisnéis roimh an 'is ea'. Is féidir leis an ainmní tar éis 'is ea' a bheith cinnte nó éiginnte, agus d'fhéadfadh ainmfhocal, frása ainmfhoclach nó forainm pearsanta a bheith mar ainmní. Is sa deimhneach amháin a úsáidtear an struchtúr seo. cuntasóir is ea Síle agus altra is ea a fear céile daoine fásta is ea iad anois cainteoirí dúchais ba ea a dtuismitheoirí cur amú airgid is ea an rud ar fad cairde móra ba ea an bheirt úinéirí fadhb ollmhór is ea praghas na dtithe sa Ghaeltacht is ea Deir tú is ea chun a léiriú go n-aontaíonn nó go dtacaíonn tú le rud éigin atáthar tar éis a rá. 'Ní fiú dul sa seans.' 'Is ea, is dócha gur fíor sin.' is ea, tuigim céard atá tú a rá 'Níl aon easpa muiníne uirthi.' 'Is ea, ach an bhfuil aon taithí aici?' b'fhéidir gur sna seachtóidí, is ea, sna seachtóidí, a thosaigh sé ní hea Deir tú ní hea chun rud éigin atáthar tar éis a rá a cheartú nó a bhréagnú. is dócha, ní hea, is cinnte gur thuig siad cad a bhí á dhéanamh acu más ea 1. Úsáideann tú más ea le linn comhrá chun a léiriú go bhfuil baint loighciúil ag an an rud a dúirt tú nó atá tú ar tí a rá leis an rud a dúradh roimhe sin. ceart go leor más ea, tiocfaimid le chéile arís Dé Luain 'Níl sé deisithe fós.' 'Más ea, níl aon rogha againn ach fanacht.' 2. (also más ea féin)Deir tú más eamás ea féin nuair a bhíonn tú ag rá rud éigin atá contrártha leis an méid a dúradh roimhe sin nó rud éigin nach mbeadh súil leis i gcomhthéacs an méid a dúradh roimhe sin. ní raibh an tsláinte rómhaith aici, ach más ea féin, bhí sí ag gach cruinniú 'Tá tuarastal maith ag dul leis.' 'Más ea, ní chuirfinn féin isteach air.'
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...