Similar words :

dáta

 cmu
masculine noun, 4th declensionainmfhocal firinscneach, 4ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. dáta; nom.pl. ; a.i. dátaí; gen.pl. ; g.i. dátaí) 1. Am ar leith is féidir a ainmniú nó a thomhas, msh lá ar leith nó bliain ar leith cén dáta atá ann inniu? / cad é dáta an lae inniu? gach seans gur ar an dáta sin a bheidh an bhainis 2. botanyluibheolaíocht, cookingcócaireachtToradh beag, donn, bealaithe a mbíonn cloch taobh istigh de. Fásann dátaí ar chrainn phailme i dtíortha teo. PhrasesNathanna as dáta Má deir tú go bhfuil rud éigin as dáta, tá tú ag rá go bhfuil sé seanfhaiseanta agus nach bhfuil sé úsáideach níos mó nó nach mbaineann sé le saol an lae inniu. ní fiú a dhath téacsleabhair atá as dáta dáta a chur le rud 1. Nuair a chuireann tú dáta le rud éigin ar nós litreach nó seic, scríobhann tú dáta an lae air. sínigh an chuid seo den fhoirm agus cuir dáta léi 2. Má chuireann tú dáta le rud éigin, tugann tú dáta dó nó aimsíonn tú an dáta a ndearnadh é nó ar tosaíodh é. suas chun dáta 1. Má tá tú suas chun dáta faoi rud éigin, tá an t-eolas is déanaí agat air. eolaire atá suas chun dáta 2. Má bhíonn rud éigin suas chun dáta, is é an leagan is nuaí den rud sin. an bhfuil an trealamh suas chun dáta?
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...