Similar words :

comhartha

 cmu
masculine noun, 4th declensionainmfhocal firinscneach, 4ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. comhartha; nom.pl. ; a.i. comharthaí; gen.pl. ; g.i. comharthaí) 1. Píosa adhmaid, miotail nó plaistigh a bhfuil focail nó pictiúir air. Tugann comharthaí eolas, rabhadh nó treoracha duit. lean na comharthaí le haghaidh lár na cathrach comhartha sráide 2. Rud éigin a cheaptar gur léiriú é ar céard a tharlóidh amach anseo agus cé acu a bheidh sé go maith nó go holc comhartha báistí is ea é droch-chomhartha 3. medicineleigheasIs ionann comhartha tinnis agus rud éigin atá cearr le do chorp nó le d'intinn a léiríonn go bhfuil an tinneas sin ort. gnáthchomharthaí an fhliú 4. Gluaiseacht a dhéanann tú le ball de do chorp, go háirithe do lámha, chun mothúchán nó eolas a chur in iúl bainimid úsáid as comharthaí láimhe comhartha a dhéanamh le duine / comhartha a thabhairt do dhuine rinne sí comhartha síochána 5. Rud a thugann le fios go bhfuil rud éigin ann, go bhfuil rud éigin ag tarlú nó cén bhail atá ar rud éigin is comhartha é go bhfuil rudaí ag athrú 6. Gníomh nó rud a léiríonn an dearcadh atá ag duine i leith rud éigin nó an chaoi a bhfuil duine ag mothú faoi rud éigin mar chomhartha buíochais mar chomhartha measa / mar chomhartha ómóis 7. electronicsleictreonaic, tv & radioteilifís & raidió, transportiompar, etcsrlIs ionann an comhartha ar do ghuthán, raidió nó teilifís agus na tonnta raidió nó an sruth leictreach a fhaigheann siad. Má fhaigheann tú comhartha maith ar do ghuthán, raidió nó teilifís, bíonn an fhuaim nó an pictiúr soiléir. tá an comhartha go dona comhartha gutháin 8. ++ mathematicsmatamaiticLitir, cruth nó siombail eile a sheasann do rud ar leith, msh in áireamh matamaiticiúil nó i bhfoirmle eolaíochta 9. Má tá duine nó rud ina gcomhartha ar smaoineamh nó ar ghné den saol, is sampla maith iad an duine nó an rud sin ar an smaoineamh nó ar an ngné sin mar go léiríonn siad céard atá i gceist leo. is í comhartha an dóchais í comhartha na síochána is ea an colm
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...