coinne
cmu (gen.sg. g.u. coinne; nom.pl. ; a.i. coinní; gen.pl. ; g.i. coinní) 1. Má tá coinne agat le duine, tá sé socraithe agat go gcasfaidh tú leo ag am ar leith, de ghnáth le haghaidh cruinniú oibre nó chun seirbhís éigin a fháil. tá coinne agam leis an dochtúir ní gá coinne a dhéanamh tá coinne eile agam an lá sin 2. Socrú chun bualadh le duine nó chun dul amach leo, go háirithe le duine a bhfuil caidreamh rómánsúil agat leo nó súil agat go mbeidh caidreamh rómánsúil agat leo go luath tá coinne agam léi an tseachtain seo chugainn / rinne mé coinne léi don tseachtain seo chugainn rinne siad coinne lóin i gcoinne 1. Má tá tú i gcoinne rud éigin ar nós plean, polasaí nó córais, ní aontaíonn tú leis an rud sin agus measann tú go bhfuil sé mícheart nó amaideach nó gur drochrud é. agóid i gcoinne an rialtais chuir an freasúra i gcoinne phlean an rialtais níor cuireadh i gcoinne cuid mhaith den fhianaise bíonn siad i gcónaí i mo choinne 2. Má tá tú i gcoinne duine éigin, ní ghlacann tú le hiompar an duine sin agus déanann tú iarracht stop a chur leis an méid atá ar bun acu. táthar go mór i gcoinne caitheamh tobac anseo chuir mé i gcoinne a chuid iompair 3. ++ sportspórtMá imríonn beirt imreoirí nó dhá fhoireann spóirt i gcoinne a chéile, bíonn siad in iomaíocht nó i gcomórtas lena chéile. chaill Corcaigh i gcoinne Chiarraí 4. Má tá rud éigin i gcoinne an dlí nó i gcoinne na rialacha, níor chóir nó níl cead agat an rud sin a dhéanamh de réir an dlí nó na rialacha sin. i gcoinne na rialacha tá sé i gcoinne an dlí tiomáint faoi thionchar an óil 5. Má theagmhaíonn rud éigin i gcoinne rud eile, tá an chéad rud sin ag bualadh nó ag cuimilt in aghaidh an dara rud. luigh sé i gcoinne an bhalla bhuail a nglúine i gcoinne a chéile gan choinne Má tharlaíonn rud éigin gan choinne, cuireann sé ionadh ort mar nach raibh tú ag súil leis. tháinig sí gan choinne fuair sé bás gan choinne costas gan choinne coinne a bheith agat le rud Mura bhfuil coinne agat le rud éigin, tharla sé go tobann nó ní raibh tú ag súil go dtarlódh sé. is beag coinne a bhí againn leis an rud a tharla ní raibh aon choinne agam le stoirm thoirní faoi choinne 1. Úsáideann tú faoi choinne chun a mhíniú cén fáth a bhfuil rud á dhéanamh agat nó chun cuspóir rud éigin a mhíniú. ar mhaith leat dul faoi choinne caife? bhuail mé léi faoi choinne lóin dul chuig an siopa faoi choinne bainne thángamar faoi do choinne 2. Má úsáideann tú airgead faoi choinne rud éigin, cuireann tú airgead i dtreo an ruda sin. airgead a chur i leataobh faoi choinne carr úr os coinne Má tá rud amháin os coinne rud eile, tá sé díreach trasna uaidh nó díreach os a chomhair. Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...