Similar words :

claon

 cmu
verbbriathar (pr. láith. claonann; fut. ; fáist. claonfaidh; past ; caite chlaon; cond. ; coinn. chlaonfadh; vb.n. ; ainm br. claonadh) 1. Má chlaonann tú rud éigin, socraíonn tú nó athraíonn tú suíomh an ruda sin chun nach mbíonn sé cothrománach, ingearach nó díreach in aon líne le rud eile.transitiveaistreach claon chun tosaigh éintransitiveneamhaistreach claonann na suíocháin siar 2. Má chlaonann tú treo áirithe, cromann tú nó casann tú do cholainn sa treo sin.transitiveaistreach chlaon sí a cluas le héisteacht leointransitiveneamhaistreach chlaon sí i leataobh chlaon sé chun tosaigh 3. Má chlaontar duine éigin nó an dearcadh atá acu, téann rud éigin i bhfeidhm ar an duine nó ar a ndearcadh ar dhóigh mhífholláin.transitiveaistreach duine a chlaonadh in aghaidh duine eile ná claonadh sé do bhreithiúnas 4. Má chlaonann tú rud, msh ráiteas nó cur síos, tuairiscíonn nó léiríonn tú é ar bhealach bréagach.transitiveaistreach chlaon sé mo chuid cainte 5. Má chlaonann nó má chlaontar duine nó rud ón gcúrsa nó ón gcur chuige atá á leanúint acu, msh cosán nó riail, imíonn siad den chúrsa nó den chur chuige sin.transitiveaistreach rud a chlaonadh ón úsáid a ceapadh dó aird daoine a chlaonadhintransitiveneamhaistreach chlaon an tsnáthaid go cliathánach chlaon siad ón treoir níor chlaon sé óna rún 6. aerospaceaeraspásMá chlaonann eitleán, casann sé ar a fhad sa chaoi go mbíonn sciathán amháin níos airde ná an sciathán eile, de ghnáth toisc go bhfuil treo gluaiseachta an eitleáin á athrú.intransitiveneamhaistreach adjective, 1st declensionaidiacht, 1ú díochlaonadh 7. Má deir tú go bhfuil duine éigin nó a gcuid iompair claon, tá tú ag rá nach bhfuil siad mar ba chóir dóibh a bheith, go háirithe ó thaobh cothroime, réasúin nó moráltachta de. breithiúnas claon a thug sí bhí sé claon ar fad SubformsSainfhoirmeacha → claon- Phrasal VerbsBriathra Frásacha→ claon le PhrasesNathanna ar claon Má tá rud éigin ar claon, níl sé i suíomh ingearach nó cothrománach nó níl sé comhthreomhar nó in aon líne le rud éigin eile. bheith ar claon rud a chur ar claon do cheann a chlaonadh (also do chloigeann a chlaonadh) Má chlaonann tú do cheann, lúbann tú do mhuineál. chlaon sí a ceann i leataobh chlaon sí a ceann i dtreo an phianó
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...