Similar words :

ceathracha

 cmu
cardinal numberbunuimhir 1. Úsáidtear an bhunuimhir ceathracha roimh ainmfhocal nuair a bhíonn 40 rud nó duine i gceist. ag comhaireamh rudaí ceathracha cathaoir ceathracha uair tá siad ceathracha cm ar fad tá sí ceathracha bliain d'aois ceathracha seachtain ghnóthach meáchan an cheathracha bosca trom an ceathracha úll dearg chosain sé ceathracha nó caoga dollar ag comhaireamh daoine tá ceathracha ball acu ceathracha duine againn / ceathracha duine dínn i bhfrásaí cáilitheacha rás ceathracha ciliméadar scoil ceathracha múinteoir number wordmaoluimhir 2. mathematicsmatamaitic, gamescluichí, sportspórtÚsáidtear an mhaoluimhir ceathracha nuair a bhíonn an uimhir 40 i gceist sa chomhaireamh, sa mhatamaitic, i scóranna cluichí, srl. tríocha a naoi, ceathracha, ceathracha a haon cén uimhir a thagann roimh cheathracha? uimhir ceathracha bhuaigh sí ceathracha a deich ceathracha agus ceathracha, sin ochtó ceathracha ponc a dó / ceathracha pointe a dó a deich i gcumhacht ceathracha ceathracha faoin gcéad 3. Úsáidtear an mhaoluimhir ceathracha nuair a bhíonn an uimhir 40 i gceist in am an chloig. ag fiche ceathracha a cúig 4. Úsáidtear an mhaoluimhir ceathracha nuair a bhíonn 40 bliain d'aois i gceist. tá sí ceathracha inniu daoine os cionn ceathrachad 5. unit of measurementaonad tomhais, clothingéadaíÚsáidtear an mhaoluimhir ceathracha nuair a bhíonn an uimhir 40 i gceist i méideanna nó i dtoisí, msh éadaí, bróga, uirlisí, srl. ceathracha a thógann seisean méid ceathracha a chaitheann sise bróga de mhéid ceathracha an bhfuil siad agaibh i méid ceathracha? masculine noun, 5th declensionainmfhocal firinscneach, 5ú díochlaonadh 6. Úsáidtear ceathracha mar ainmfhocal chun tagairt d'fhigiúr 40 ar leith in uimhir. tá an ceathracha ar iarraidh cá mhéad ceathracha atá ann? tá lánstad i ndiaidh an cheathrachad 7. Úsáidtear ceathracha mar ainmfhocal chun tagairt do scór ar leith a bhfuil luach 40 leis i gcluiche, comórtas, srl. fuair sé ceathracha sa chéad bhabhta tá ceathracha ag teastáil uaithi 8. Úsáidtear ceathracha mar ainmfhocal chun tagairt do 40 duine nó rud, cé acu mar ghrúpa nó mar sciar de líon níos mó. daoine d'fhreagair ceathracha ceathracha againn / ceathracha dínn ceathracha den fhoireann ainmneacha an cheathrachad eile rudaí tá ceathracha aici bhris ceathracha acu / bhris ceathracha díobh ceathracha de na leabhair ordaigh ceathracha eile ordinal numberorduimhir 9. Úsáidtear ceathracha mar orduimhir nuair a bhíonn an 40ú duine nó rud i sraith, ord, liosta, srl, i gceist. cuid ceathracha den chúrsa ag tús chaibidil ceathracha iomaitheoir uimhir ceathracha ar urlár ceathracha SubformsSainfhoirmeacha → na ceathrachaidí PhrasesNathanna ceathracha a haon ... ceathracha a naoi (also ceathracha is a haon ... ceathracha is a naoi) Úsáidtear ceathracha leis na figiúirí 1-9 chun uimhreacha idir 41 agus 49 a léiriú. ceathracha a haon, ceathracha a dó, ceathracha a trí, ... ceathracha a dó faoin gcéad ceathracha a trí bosca mór tar éis an cheathracha a ceathair bliain fhada ceathracha a cúig de na baill bhris ceathracha a sé acu tá sí ceathracha a seacht leathanach ceathracha a hocht ceathracha a naoi as caoga ... is ceathracha Úsáidtear is ceathracha tar éis bunuimhreacha nó orduimhreacha 1-9 nuair is líon, ionad, srl, idir 41 agus 49 a bhíonn i gceist. an t-aonú heagrán is ceathracha den iris sa dara háit is ceathracha trí bhosca is ceathracha / trí cinn is ceathracha de bhoscaí tar éis na gceithre bliana is ceathracha cúig dhuine is ceathracha de na baill bhris sé cinn is ceathracha díobh ceathracha ceann Úsáidtear ceathracha ceann chun tagairt do 40 rud, cé acu mar ghrúpa astu féin nó mar sciar de líon níos mó. tá ceathracha ceann fágtha againn bhris ceathracha ceann acu / bhris ceathracha ceann díobh ceathracha ceann de na scéalta
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...