ceathrú
cmu (gen.sg. g.u. ceathrún; nom.pl. ; a.i. ceathrúna; gen.pl. ; g.i. ceathrúna) 1. mathematicsmatamaiticMar chodán, is ionann aon cheathrú nó 1/4 de rud agus ceann amháin de na codanna a fhaightear nuair a roinntear an rud sin ina cheithre chuid chothrom. ceathrú den fhoireann díoladh ceathrú acu / díoladh ceathrú díobh aon cheathrú de shoicind trí cheathrú den bhuiséad rud a roinnt ina cheathrúna 2. anatomyanatamaíochtAn chuid uachtarach de chos duine nó ainmhí, idir an ghlúin agus an cromán bhí an t-uisce go dtí na ceathrúna orm bhain gortú ceathrún di ceathrúna sicín 3. musicceolCeann amháin de na codanna ina mbíonn dán nó amhrán roinnte cas cúpla ceathrú dúinn ansin! 4. Is ionann an ceathrú duine nó rud agus an duine nó rud a chomhaireann tú mar uimhir a ceathair nó mar an 4ú duine nó rud i sraith nó in ord. le 'an' roimhe an ceathrú botún beag / an ceathrú hearráid bheag an ceathrú lá den agóid an ceathrú ceann sa tsraith sa cheathrú céad / sa cheathrú haois den cheathrú huair ar an gceathrú hurlár tar éis an ceathrú clár beo / tar éis an cheathrú clár beo formalfoirmeálta ba ise an ceathrú duine a cháiligh seo an ceathrú cluiche acu an ceathrú cathair is mó ar domhan chríochnaigh sé sa cheathrú háit ón deireadh gan 'an' roimhe seo a gceathrú cluiche ceathrú postáil Ghaeilge na bliana le 'is' agus iolraithe de 10 an ceathrú huair is fiche tús an ceathrú bliain is caoga / tús an cheathrú bliain is caoga formalfoirmeálta → ceathrúna an ceathrú cuid Mar chodán, is ionann an ceathrú cuid agus 1/4 de rud nó ceann amháin de na codanna a fhaightear nuair a roinntear an rud sin ina cheithre chuid chothrom. an ceathrú cuid den bhuiséad an ceathrú lá Úsáidtear an ceathrú lá nuair a bhítear ag tagairt don 4ú lá i mí ar leith mar dháta. an ceathrú lá d'Eanáir Dé Luain, an ceathrú lá de Lúnasa tá sí ag teacht ar an gceathrú lá tar éis an ceathrú lá / tar éis an cheathrú lá formalfoirmeálta an ceathrú lá is fiche Úsáidtear an ceathrú lá is fiche nuair a bhítear ag tagairt don 24ú lá i mí ar leith mar dháta. an ceathrú lá is fiche d'Eanáir Dé Luain, an ceathrú lá is fiche de Lúnasa tá sí ag teacht ar an gceathrú lá is fiche tar éis an ceathrú lá is fiche / tar éis an cheathrú lá is fiche formalfoirmeálta an ceathrú lá fichead Úsáidtear an ceathrú lá fichead nuair a bhítear ag tagairt don 24ú lá i mí ar leith mar dháta. an ceathrú lá fichead d'Eanáir Dé Luain, an ceathrú lá fichead de Lúnasa tá sí ag teacht ar an gceathrú lá fichead tar éis an ceathrú lá fichead / tar éis an cheathrú lá fichead formalfoirmeálta Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...