ceartaigh
cmu (pr. láith. ceartaíonn; fut. ; fáist. ceartóidh; past ; caite cheartaigh; cond. ; coinn. cheartódh; vb.n. ; ainm br. ceartú) 1. Má cheartaíonn tú locht nó earráid, cuireann tú an locht nó an earráid sin ina gceart.transitiveaistreach cheartaigh sé an litriú cheartaigh sí gach uile fhocal orm 2. Má cheartaíonn tú duine éigin, déanann tú ráiteas níos cruinne ná an ráiteas atá an duine sin díreach tar éis a dhéanamh, mar go raibh ráiteas an duine sin mícheart, nó cuireann tú in iúl dóibh nach bhfuil an ceart acu.transitiveaistreach cheartaigh sé é féin 3. ++ educationoideachas, publishingfoilsitheoireachtMá cheartaíonn tú scríbhinn, léann tú an scríbhinn sin go mion agus athraíonn tú í chun na hearráidí go léir atá inti a chur ina gceart, nó marcálann tú na hearráidí atá inti.transitiveaistreach ceartaíodh na profaí 4. ++ lawdlíMá cheartaíonn tú scríbhinn oifigiúil ar nós dlí, nó má cheartaíonn tú ráiteas a rinneadh, athraíonn tú an scríbhinn nó an ráiteas sin chun feabhas a dhéanamh orthu nó chun iad a dhéanamh níos cruinne agus níos sásúla ná mar a bhí siad ar dtús.transitiveaistreach 5. especiallygo háirithe nauticalmuirí, sailingseoltóireachtMá cheartaíonn tú rud atá tite nó iompaithe bunoscionn, msh bád, cuireann tú an rud sin ar ais ina sheasamh, díreach mar a bhíonn sé de ghnáth.transitiveaistreach cheartaigh sí an báidín Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...