ceap
cmu (pr. láith. ceapann; fut. ; fáist. ceapfaidh; past ; caite cheap; cond. ; coinn. cheapfadh; vb.n. ; ainm br. ceapadh) 1. Má cheapann tú go bhfuil rud éigin fíor, bréagach, le moladh, srl, tá tú den tuairim go bhfuil an rud sin fíor, bréagach, le moladh, srl.transitiveaistreach ceapaim go bhfuil sé deisithe tá mé ag ceapadh go bhfuil sí le teacht amárach níl sé chomh dona sin, cheapfainn ceaptar go bhfuil an uaigh in aice leis an séipéal 2. Má cheapann tú rud éigin ag am ar leith, tá focail nó smaointe i d'intinn agat ach ní deir tú os ard iad.transitiveaistreach 3. Má cheapann tú rud éigin, is tusa an chéad duine a chuimhnigh air, a rinne é nó a chruthaigh é.transitiveaistreach cé a cheap an chéad ríomhaire? ceapfaimid córas chun an cheist a réiteach ceapadh an t-innealra chun na críche sin 4. linguisticsteangeolaíochtMá cheapann tú focal nó nath, is tusa an chéad duine a chuimhnigh ar an bhfocal nó ar an nath sin, nó is tusa an chéad duine a dúirt, a d'úsáid nó a chuir sa chúrsaíocht iad.transitiveaistreach téarma nua a cheapadh 5. literaturelitríocht, musicceol, artealaínMá cheapann tú dán, úrscéal, píosa ceoil, srl, scríobhann nó cruthaíonn tú iad agus is tusa is údar leo.transitiveaistreach Seán Ó Ríordáin a cheap an dán sin bíonn sí ag ceapadh ceoil 6. Má cheapann tú scéal nó leithscéal, déanann tú iarracht a chur ina luí ar dhaoine go bhfuil an scéal nó an leithscéal sin fíor nuair nach bhfuil siad fíor in aon chor.transitiveaistreach is nós leis scéalta a cheapadh 7. Má cheaptar i bpost thú, roghnaítear thú le haghaidh an phoist sin agus tugtar duit é. Mar shampla, má cheaptar i do mhúinteoir thú, tugtar post múinteoireachta duit.transitiveaistreach ceapadh sa phost í ceapadh iad chun an t-athbhreithniú a dhéanamh 8. Má cheaptar rud éigin do chuspóir ar leith, roghnaítear an rud sin go sonrach agus cuirtear ar leataobh é ar mhaithe leis an gcuspóir sin. Mar shampla, má cheapann tú lá ar leith d'imeacht, is é do rogha é gur ar an lá sin a mbeidh an t-imeacht ar siúl agus déanann tú socruithe dá réir sin.transitiveaistreach ba é an 4 Iúil an dáta a ceapadh don chomhdháil 9. huntingsealgaireacht, fishingiascaireachtMá cheapann tú ainmhí, gabhann tú an t-ainmhí sin tar éis duit a bheith á fhiach, go minic trí ghaiste, líon nó gléas eile a úsáid.transitiveaistreach ainmhí a cheapadh i ngaiste 10. especiallygo háirithe sportspórtMá cheapann tú rud atá ag taisteal tríd an aer, msh liathróid, beireann tú air le do lámha, nó le lámh amháin.transitiveaistreach cheap sé an liathróid go hiontach 11. sportspórtSa chruicéad, daorchluiche nó cluiche corr, má bhíonn tú ag ceapadh, bíonn tú ag iarraidh breith ar an liathróid fad is a bhíonn an fhoireann eile ag iarraidh í a bhualadh agus scóráil.intransitiveneamhaistreach tá siadsan ag ceapadh ar dtús tá sí ag ceapadh go maith (gen.sg. g.u. cip; nom.pl. ; a.i. ceapa; gen.pl. ; g.i. ceap) 12. Is ionann ceap adhmaid, cloiche, srl, agus píosa mór adhmaid nó cloiche a bhfuil cruth dronuilleoige air. ceap cloiche 13. Foirgneamh mór ard a mbíonn a lán stór ann. Is minic a bhíonn oifigí nó árasáin i gceap. ceap árasán 14. aerospaceaeraspásArdán nó limistéar de thalamh crua cothrom, áit ar féidir le héileacaptar éirí in airde nó tuirlingt, nó áit ar féidir roicéid a theilgean ceap tuirlingthe ceap lainseála Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...