Similar words :

cealg

 cmu
feminine noun, 2nd declensionainmfhocal baininscneach, 2ú díochlaonadh 1. Is ionann cealg ainmhí nó feithide agus an ball den ainmhí nó den fheithid sin a bpriocann siad agus a ngortaíonn siad thú leis. Má chuireann ainmhí nó feithid a gcealg i gcuid de do chorp, airíonn tú go bhfuil an chuid sin ag dó. d'fhág an bheach a cealg ionam 2. Má mhothaíonn tú cealg, mothaíonn tú pian ghéar i do chraiceann nó i mball eile de do chorp. fuair sí droch-chealg 3. An cháilíocht nó an cumas a bhaineann le bheith glic agus ábalta cluain nó dallamullóg a chur ar dhaoine ar bhealach cliste rud a dhéanamh le cealg duine gan chealg 4. Iompar a mbíonn d'aidhm aige cur ar dhaoine rud éigin nach bhfuil fíor a chreidiúint tá cealg ag baint leis 5. Iompar nó gníomh ina ndéanann duine feall ar a dtír nó feall ar dhuine a bhfuil iontaoibh acu astu ag cothú ceilge verbbriathar (pr. láith. cealgann; fut. ; fáist. cealgfaidh; past ; caite chealg; cond. ; coinn. chealgfadh; vb.n. ; ainm br. cealgadh) 6. Má chealgann ainmhí nó feithid thú, cuireann siad cuid ghéar dá gcorp, a mbíonn nimh inti go minic, isteach i do chraiceann sa chaoi go n-airíonn tú pian ghéar ann, mar a bheadh sé ag dó.transitiveaistreach chealg beach mé
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...