caoi
cmu (gen.sg. g.u. caoi; nom.pl. ; a.i. caíonna; gen.pl. ; g.i. caíonna) 1. Mar a dhéantar rud éigin nó mar a thugtar faoi, msh an gníomh nó na gníomhartha is féidir a dhéanamh chun an rud a chur i gcrích nó chun toradh faoi leith a bhaint amach an chaoi le rud a dhéanamh tá dhá chaoi lena dhéanamh an chaoi a ndéanann sí a cuid oibre an chaoi a ndearnadh é caithfidh mé mo bhealach a dhéanamh ann ar chaoi éigin 2. An cháilíocht nó na cáilíochtaí sainiúla a bhíonn i gceist le hiompar duine nó le gníomh nuair a dhéantar é an chaoi ar labhair sé an chaoi a n‑airím ná habair ar an gcaoi sin é, ach ar an gcaoi seo ní raibh mé sásta leis an gcaoi ar iompair sé é féin ar an gcaoi sin ar an gcaoi chéanna 3. An riocht ina bhfuil duine nó rud ag am faoi leith, msh an chuma nó an bhail fhisiciúil atá orthu, an slacht atá orthu, srl. Mar shampla, is ionann droch‑chaoi a bheith ar dhuine agus droch‑chuma a bheith ar an duine sin nó an tsláinte a bheith go dona acu. Is ionann caoi mhaith a bheith ar sheomra agus ord agus eagar a bheith ar an seomra sin agus é breá néata. tá caoi mhaith ar an teach bhí droch‑chaoi ar Mhícheál nuair a chonaic mé é níl caoi ná cruth ar an áit breathnaigh an droch‑chaoi atá ar an seomra 4. An deis nó an seans rud éigin a dhéanamh nó a bheith agat dá mbeadh caoi agam air cinnte, ghabhfainn ag taisteal, ach caoi a fháil air caoi a thabhairt do dhuine rud a dhéanamh / caoi a thabhairt do dhuine ar rud a dhéanamh ar an gcaoi sin Úsáideann tú ar an gcaoi sin lena thabhairt le tuiscint gurb é an rud a luaigh tú díreach roimhe sin is cúis leis an rud atá tú ar tí a lua. Mar shampla, má deir tú gur chaill tú an bus, agus ar an gcaoi sin bhí tú mall ag an obair, tá tú ag rá go raibh tú mall ag an obair mar gur chaill tú an bus. dhiúltaigh sé, agus ar an gcaoi sin chinntigh sé go mbeadh toghchán ann ar aon chaoi 1. Úsáideann tú ar aon chaoi lena thabhairt le tuiscint go bhfuil an rud atá le rá agat fíor, go mbaineann sé le hábhar nó gur fiú é a lua, in ainneoin an ruda nó na rudaí eile a dúradh roimhe sin. ní mheánn sé dada ar aon chaoi 2. Úsáideann tú ar aon chaoi lena thabhairt le tuiscint go bhfuil tú le héirí as a bheith ag plé leis an ábhar cainte atá idir lámha, agus go bhfuil tú le trácht ar ábhar nua cainte nó ar ábhar eile a bhí á phlé roimhe sin. ní raibh an t‑airgead agam lena cheannach ach ní cheannóinn é ar aon chaoi dá mbeadh an t‑airgead agam ar chaoi ar bith 1. Úsáideann tú ar chaoi ar bith lena thabhairt le tuiscint go bhfuil an rud atá le rá agat fíor, go mbaineann sé le hábhar nó gur fiú é a lua, in ainneoin an ruda nó na rudaí eile a dúradh roimhe sin. 2. Úsáideann tú ar chaoi ar bith lena thabhairt le tuiscint go bhfuil tú le héirí as a bheith ag plé leis an ábhar cainte atá idir lámha, agus go bhfuil tú le trácht ar ábhar nua cainte nó ar ábhar eile a bhí á phlé roimhe sin. caoi a chur ort féin Is ionann caoi a chur ort féin agus cuma néata a chur ort féin. cuir caoi ort féin! chuir sí caoi uirthi féin sula ndeachaigh sí amach caoi a chur ar rud 1. Is ionann caoi ar chur ar rud, msh áit, seomra, srl, agus an rud sin a dhéanamh néata, ord agus slacht a chur air, é a ghlanadh, srl. cuirfimid caoi ar an gcistin i dtosach agus ansin ar na seomraí codlata tá caoi le cur ar an seomra seo caoi a chur ar chúrsaí 2. Is ionann caoi a chur ar rud a ndearnadh díobháil dó nó a briseadh agus obair éigin a dhéanamh ar an rud sin chun go mbeidh sé i gceart arís. chuir an tógálaí caoi ar an díon tá caoi le cur ar an seandroichead tá oibrithe na Comhairle tar éis caoi a chur ar an bhfoirgneamh cén chaoi ... Is féidir leat cén chaoi ... a úsáid, go minic mar a bheadh cónasc ann, chun trácht ar an mbealach a ndéantar nó a dtarlaíonn rud éigin. Mar shampla, má deir tú go bhfuil a fhios agat cén chaoi a ndéantar rud éigin, tá tú ag rá go bhfuil a fhios agat an bealach a ndéantar an rud sin, an modh a úsáidtear lena dhéanamh, céard is gá tarlú chun go ndéanfar é, srl. bhí mé le fiafraí díot cén chaoi a bhfuil cúrsaí inniu mhínigh sí dom cén chaoi a ndearnadh é abair liom cén chaoi ar tharla sé níl a fhios agam cén chaoi ar éirigh leis ní thuigim cén chaoi a mbaineann sé leat níl a fhios agam cén chaoi beidh le feiceáil cén chaoi a dtitfidh cúrsaí amach cén chaoi a ... ? 1. Úsáideann tú cén chaoi a ... ? chun fiafraí faoin mbealach a ndéantar nó a dtarlaíonn rud éigin. Mar shampla, is ionann 'cén chaoi a ndéantar é?' a rá agus fiafraí cén bealach a ndéantar é sin, cén modh a úsáidtear lena dhéanamh, céard is gá tarlú chun go ndéanfar é, srl. cén chaoi a n‑oibríonn sé? cén chaoi ar tharla sé? cén chaoi a ndéanfaidh tú é? cén chaoi nach mbeifeá sásta leis sin? cén chaoi a ndeirtear an focal sin ó dheas? cén chaoi sa diabhal a mbíonn siad mall i gcónaí? 2. Úsáideann tú cén chaoi a ... ? chun a fhiafraí de dhuine cad é mar atá siad, cad é mar atá cúrsaí leo, srl. cén chaoi a bhfuil cúrsaí? / cén chaoi a bhfuil an saol? cén chaoi a bhfuil ag éirí léi? 3. Úsáideann tú cén chaoi a ... ? chun fiafraí cé acu a d'éirigh nó nár éirigh le duine nó le rud éigin, cé acu a bhí rud éigin taitneamhach nó nach raibh, nó céard a tharla le linn rud éigin. 'Cén chaoi a raibh an chóisir?' 'Sách dona.' cén chaoi a bhfuil an cluiche ag imeacht? cén chaoi ar chruthaigh sí aréir? cén chaoi a rachaidh an scrúdú duit, meas tú? cén chaoi a bhfuil tú? Úsáideann tú cén chaoi a bhfuil tú? chun a fhiafraí de dhuine conas atá cúrsaí leo. Is féidir an nath a úsáid chun tuairisc duine a chur chomh maith. 'Cén chaoi a bhfuil tú, a Sheáin?' 'Ag coinneáil orm, go raibh maith agat? Cén chaoi a bhfuil tú féin?' cén chaoi a bhfuil do mháthair? sa chaoi go ... (also nó i gcaoi go ...) Úsáideann tú sa chaoi go ... tar éis duit gníomh a lua chun an chúis nó an aidhm atá leis an ngníomh sin a thabhairt le fios. Mar shampla, má tá greim crua agat ar ghloine sa chaoi nach dtitfidh sí, níl tú ag iarraidh go dtitfidh an ghloine agus sin an chúis agus an aidhm le greim crua a bheith agat uirthi. bhí na cuirtíní tarraingthe sa chaoi nach bhféadfaidís féachaint amach ceannaigh blaincéad sa chaoi go mbeidh tú te istoíche sa chaoi is go ... (also nó i gcaoi is go ...) Úsáideann tú sa chaoi go is ... tar éis duit gníomh a lua chun an chúis nó an aidhm atá leis an ngníomh sin a thabhairt le fios. Mar shampla, má tá greim crua agat ar ghloine sa chaoi is nach dtitfidh sí, níl tú ag iarraidh go dtitfeadh an ghloine agus sin an chúis agus an aidhm le greim crua a bheith agat uirthi. bhí na cuirtíní tarraingthe sa chaoi is nach bhféadfaidís féachaint amach ceannaigh blaincéad sa chaoi is go mbeidh tú te istoíche Loading phrases and examples...