céad
1 cmu 1. Úsáidtear an bhunuimhir céad roimh ainmfhocal nuair a bhíonn 100 rud nó duine i gceist. ag comhaireamh rudaí céad cóip dhá chéad uair tá siad seacht gcéad cm ar fad tá sí céad bliain d'aois cúig chéad bliain ó shin céad feithid bheag an céad crann mór meáchan céad bosca trom achar an chéad slat chearnach ag comhaireamh daoine tá trí chéad síntiúsóir acu d'fhág céad duine againn / d'fhág céad duine dínn i bhfrásaí cáilitheacha rás céad ciliméadar scoil céad múinteoir 2. mathematicsmatamaitic, gamescluichí, sportspórtÚsáidtear an mhaoluimhir céad nuair a bhíonn an uimhir 100 i gceist sa chomhaireamh, sa mhatamaitic, i scóranna cluichí, srl. nócha a naoi, céad, céad is a haon cén uimhir a thagann roimh chéad? uimhir céad bhuaigh sí céad a deich céad lúide fiche, sin ochtó roinn an toradh ar chéad céad ponc a dó / céad pointe a dó a deich i gcumhacht céad i ndátaí i seacht gcéad fiche a haon sa bhliain ocht gcéad déag seasca a dó 3. Úsáidtear an mhaoluimhir céad nuair a bhíonn 100 bliain d'aois i gceist. tá sí céad inniu daoine os cionn céad 4. unit of measurementaonad tomhais, clothingéadaíÚsáidtear an mhaoluimhir céad nuair a bhíonn an uimhir 100 i gceist i méideanna nó i dtoisí, msh éadaí, bróga, uirlisí, srl. céad a thógann seisean méid céad a chaitheann sise bróga de mhéid céad an bhfuil siad agaibh i méid céad? (gen.sg. g.u. céid; nom.pl. ; a.i. céadta; gen.pl. ; g.i. céadta) 5. Úsáidtear céad mar ainmfhocal chun tagairt d'fhigiúr 100 ar leith in uimhir. tá an céad ar iarraidh cá mhéad céad atá ann? tá lánstad i ndiaidh an chéid 6. Úsáidtear céad mar ainmfhocal chun tagairt do scór ar leith a bhfuil luach 100 leis i gcluiche, comórtas, srl. fuair sé céad sa chéad bhabhta tá céad ag teastáil uaithi 7. Úsáidtear céad mar ainmfhocal chun tagairt do 100 duine nó rud, cé acu mar ghrúpa nó mar sciar de líon níos mó. daoine d'fhreagair céad céad againn / céad dínn céad den fhoireann ainmneacha an chéid eile rudaí tá céad aici bhris céad acu / bhris céad díobh céad de na leabhair ordaigh céad eile 8. Tréimhse 100 bliain a úsáidtear nuair a bhíonn dáta á rá. Mar shampla, is ionann an 19ú céad agus an tréimhse ó 1801 go dtí 1900. ag tús an chéid seo caite an t-aonú céad is fiche sa naoú céad déag i rith an 20ú céad filíocht an ochtú céad déag 9. sportspórtSa chruicéad, scór ina bhfaigheann slacaí amháin céad rith nó níos mó 10. Úsáidtear céad mar orduimhir nuair a bhíonn an 100ú duine nó rud i sraith, ord, liosta, srl, i gceist. cuid céad den chúrsa ag tús chaibidil céad iomaitheoir uimhir céad ar urlár céad → na céadta céad is a haon, ..., céad is a naoi déag (also nó céad a haon, ..., céad a naoi déag) Úsáidtear céad leis na huimhreacha 1-19 chun uimhreacha idir 101 agus 119 a léiriú. céad is a haon, céad is a dó, ... tá sí céad is a dó céad is a trí bosca mór tar éis an chéad is a cúig bliain fhada céad is a deich faoin gcéad céad is a haon déag de na baill bhris céad is a ceathair déag acu leathanach céad is a hocht déag céad is a naoi déag as dhá chéad céad fiche, ..., céad nócha a naoi (also nó céad is fiche, ..., céad is nócha is a naoi) Úsáidtear céad leis na huimhreacha 20-99 chun uimhreacha idir 120 agus 199 a léiriú. céad fiche a haon, céad fiche a dó, ... céad tríocha a dó faoin gcéad céad daichead a trí bosca mór tar éis an chéad caoga a ceathair bliain fhada céad seasca a cúig de na baill bhris céad seachtó a sé acu scóráil sí céad ochtó a seacht leathanach céad nócha a hocht céad ceann Úsáidtear céad ceann chun tagairt do 100 rud, cé acu mar ghrúpa astu féin nó mar sciar de líon níos mó. tá céad ceann fágtha againn bhris céad ceann acu / bhris céad ceann díobh céad ceann de na dánta faoin gcéad mathematicsmatamaitic, statisticsstaitisticSa mhatamaitic srl, úsáideann tú faoin gcéad nuair a bhíonn tú ag caint ar mhéideanna de rud ar leith. Mar shampla, is ionann 10 faoin gcéad (a scríobhtar de ghnáth mar 10%) d'fhigiúr nó de rud ar leith agus deich gcéadú den fhigiúr nó den rud sin. céad faoin gcéad ardú pá cúig faoin gcéad 35 faoin gcéad de na hiarrthóirí fiche faoin gcéad níos faide táim nócha a naoi faoin gcéad cinnte céad
2 cmu 1. Is ionann an chéad duine nó rud agus an duine nó rud a chomhaireann tú mar uimhir a haon i sraith nó in ord. le hainmfhocal uatha agus leis an alt an chéad earráid bheag / an chéad bhotún beag / an chéad dearmad beag an chéad lá den agóid an chéad cheann sa tsraith den chéad uair riamh ar an gcéad urlár ag deireadh na chéad aoise / ag deireadh an chéad chéid ceartú na chéad earráide bige / ceartú an chéad bhotúin bhig / ceartú an chéad dearmaid bhig ba ise an chéad duine a cháiligh seo an chéad chluiche acu le hainmfhocal uatha gan an t-alt céad ghlao an lae seo a gcéad chluiche alt faoi chéad uachtarán an choláiste tar éis céad turas an ghrúpa le hainmfhocal iolra agus leis an alt na chéad earráidí beaga / na chéad bhotúin bheaga / na chéad dearmaid bheaga sna chéad fhoirgnimh a tógadh scéal na chéad mhanach Gaelach le hainmfhocal iolra gan an t-alt nuair a fuair sí a céad bhróga peile alt faoi chéad bhunaitheoirí an oird eispéireas céad daltaí na scoile 2. Nuair a bhíonn comórtas nó gradam i gceist, is ionann an chéad duais nó áit agus an duais nó áit is tábhachtaí, a bhronntar ar an iomaitheoir nó ar an iarracht is fearr de ghnáth. bhuaigh siad an chéad duais fuair sé an chéad áit faoi dhó chríochnaigh sí sa chéad áit céad duais an Oireachtais an chéad lá Úsáidtear an chéad lá nuair a bhítear ag tagairt don 1ú lá i mí ar leith mar dháta. an chéad lá d'Eanáir Dé Luain, an chéad lá de Lúnasa tá sí ag teacht ar an gcéad lá tar éis an chéad lae Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...