buille scoir
cmu 1. boxingdornálaíocht, martial artsealaíona comhraicSa dornálaíocht agus in ealaíona comhraic eile mar í, buille a thugann trodaí dá gcéile comhraic ina leagtar an céile comhraic amach agus nach mbíonn siad in ann éirí ina seasamh arís dá bharr buaileadh buille scoir uirthi 2. boxingdornálaíocht, martial artsealaíona comhraicSa dornálaíocht agus in ealaíona comhraic eile mar í, an cás ina gcuirtear deireadh leis an troid mar gur leag trodaí a gcéile comhraic amach le buille agus nach raibh an céile sin in ann éirí ina seasamh arís. Bíonn an bua ag an trodaí a thugann an buille scoir. bhuaigh sí le buille scoir 3. Ráiteas goilliúnach nó feargach a deir duine ag deireadh comhrá agus iad ag imeacht, chun nach mbeidh deis ag aon duine freagra a thabhairt ar an ráiteas céanna mar bhuille scoir Úsáideann tú mar bhuille scoir i gcaint nó i scríbhinn chun clabhsúr a chur leo, nó chun pointe, ceist nó ábhar deiridh a chur i láthair. Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...