Similar words :
••••

beo

  cmu
adjective, 3rd declensionaidiacht, 3ú díochlaonadh (nom.m. a.f. beo; nom.f. ; a.b. bheo; gen.m. ; g.f. bheo; gen.f. ; g.b. beo; nom.pl. ; a.i. beo/bheo; gen.pl. ; g.i. beo; comp./super. ; breis/sár beo) 1. Má tá daoine, plandaí nó ainmhithe beo níl siad marbh. beo nó marbh iasc beo tá sé fós beo a fhad atáimse beo bhí uirthi bia a ghoid chun í féin a choinneáil beo 2. Má tá duine beo, bíonn siad ag tabhairt aird ar a bhfuil ag tarlú timpeall orthu. in adverbial phrasei bhfrása dobhriatharthago beo d'fhéach sí thart go beo 3. musicceol, theatreamharclannaíochtIs ionann ócáid bheo, msh ceolchoirm, dráma nó cluiche, agus ócáid a tharlaíonn os comhair lucht féachana seachas é a thaifeadadh agus ansin é a chraoladh nó a thaispeáint ar scáileán. ceol beo ba bhreá liom iad a fheiceáil beo tá siad ar fheabhas beo 4. Má tá rud beo, msh port, comhluadar nó comhrá, tá an rud sin spleodrach, fuinniúil, bríomhar. port beo tá sé beo ar a chosa in adverbial phrasei bhfrása dobhriatharthago beo thug sí faoina tasc go beo chosain sé an rialtas go beo 5. Má tá duine beo i mbun ruda, déanann siad an rud sin gan mhoill agus le fonn. bhí an tseirbhís breá beo in adverbial phrasei bhfrása dobhriatharthago beo faigh do mháthair go beo d'fhreagair sí é go beo 6. Má tá nós, tuiscint, cuimhne nó cúis beo, is ann dóibh fós nó tá feidhm leo fós. spiorad pobail atá beo tá an dóchas sin beo iontu tá an scéal fós beo i gcuimhne na ndaoine tá an poblachtachas beo sa cheantar sin i gcónaí traidisiún a choinneáil beo 7. electricalleictreachMá tá sreang nó trealamh leictreach beo, tá siad ceangailte díreach le foinse leictreachais. sreang bheo 8. Is féidir beo a chur le focail áirithe i gcomhthéacsanna faoi leith chun béim a chur ar na focail sin. ní fhéadfadh aon duine beo é sin a dhéanamh tá siad gach uile áit bheo níl meicneoir beo a dheiseodh é sin SubformsSainfhoirmeacha → beo‑→ an beo PhrasesNathanna beo bocht Má tá duine beo bocht, níl aon airgead ná maoin acu. tá an teaghlach beo bocht ceantar beo bocht atá ann beo le Má tá áit nó rud beo le rud éigin, de ghnáth rud éigin míthaitneamhach nó samhnasach, msh feithidí, dreancaidí nó francaigh, tá líon mór díobh san áit nó sa rud sin. tá an t‑íoslach beo le francaigh bhí an t‑iasc beo le cruimheanna beo beathach Má deir tú go bhfuil duine éigin nó rud éigin beo beathach, tá tú ag tabhairt le fios ní hé amháin go maireann siad go fóill ach go bhfuil siad lán de bhrí chomh maith.
Loading phrases and examples...