babhta
cmu (gen.sg. g.u. babhta; nom.pl. ; a.i. babhtaí; gen.pl. ; g.i. babhtaí) 1. medicineleigheasMá bhuaileann babhta tinnis thú, bíonn an tinneas sin ort ar feadh tamall beag. bhuail babhta fliú mé 2. Má thagann babhta de mhothúchán éigin ort, tagann an mothúchán sin ort go tobann agus éiríonn sé an-láidir, agus ansin laghdaíonn sé arís. 3. sportspórtI gcúrsaí spóirt, is ionann babhta agus sraith cluichí i gcomórtas. Téann buaiteoirí na gcluichí sin ar aghaidh agus imríonn siad sa chéad bhabhta eile, agus ar aghaidh mar sin, go dtí go mbíonn imreoir amháin nó foireann amháin fágtha. díbríodh sinn sa chéad bhabhta / leagadh amach muid sa chéad bhabhta tá an tarraingt don dara babhta déanta 4. Is ionann babhta de rud éigin agus am ar leith ina dtarlaíonn an rud sin. tá sé cloiste agam a dó nó a trí de bhabhtaí anois an babhta deiridh an chéad bhabhta eile babhta amháin eile 5. sportspórtI gcomórtas spóirt, is ionann babhta agus cluiche amháin as dhá chluiche nó níos mó, a imrítear chun teacht ar aon bhuaiteoir amháin. babhta baile 6. sportspórtCluiche dornálaíochta nó iomrascála Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...