Similar words :

athraigh

 cmu
verbbriathar (pr. láith. athraíonn; fut. ; fáist. athróidh; past ; caite d'athraigh; cond. ; coinn. d'athródh; vb.n. ; ainm br. athrú) 1. Má athraíonn rud éigin, nó má athraíonn tú é, éiríonn an rud sin difriúil, msh tagann cuma nó cruth difriúil air; tagann méadú nó laghdú air, srl. Má athraíonn duine, éiríonn cuma nó pearsantacht an duine sin difriúil.transitiveaistreach d'athraigh siad na rialacha d'athraigh sí a dreach theastaigh uainn an domhan a athrú d'athraigh mé an fadintransitiveneamhaistreach d'athraigh mo shaol ó bhonn tá an aimsir ag athrú d'athraigh cúrsaí go mór 2. Má athraíonn an bealach a ndéanann tú rud éigin nó má athraíonn tú an bealach a ndéanann tú rud éigin, déanann tú an rud sin ar bhealach atá difriúil leis an mbealach a mbíonn tú á dhéanamh de ghnáth, nó a raibh tú á dhéanamh roimhe sin, de ghnáth chun é a fheabhsú nó chun é a chur in oiriúint do chúinsí nua.transitiveaistreach d'athraigh sí a hintinn d'athraigh siad an bealach a ndéanann siad éintransitiveneamhaistreach tá an cur chuige i leith na ceiste ag athrú 3. Má athraíonn substaint amháin, nó má athraítear í, téann sí i riocht eile nó cuirtear i riocht eile í.transitiveaistreachintransitiveneamhaistreach 4. Má athraíonn tú córas nó modh, nó má athraítear córas nó modh, chuig córas nó modh eile, glacann tú ceann nua chugat.transitiveaistreach athraíonn sé an t-amhábhar ina fhoirm úsáideachintransitiveneamhaistreach d'athraigh siad chuig fuinneamh glas 5. Nuair a athraíonn tú do chuid éadaigh, baineann tú do chuid éadaigh díot agus cuireann tú éadaí nua ort féin.transitiveaistreach d'athraigh mé mo léine brostaigh agus athraigh do chuid éadaigh! / brostaigh agus athraigh do chuid éadaí! 6. ++ employmentfostaíocht, educationoideachasMá athraíonn tú post, nó má athraítear go post eile thú, faigheann tú post nua san eagraíocht a bhfuil tú ag obair inti, nó tosaíonn tú ag obair in áit dhifriúil.transitiveaistreach post a athrú athraíodh Ailbhe chuig oifig Bhaile Átha Cliath 7. ++ employmentfostaíocht, educationoideachasMá athraíonn tú rud éigin, bogann tú an rud sin agus cuireann tú in áit eile é.transitiveaistreach cathaoireacha a athrú thart 8. ++ educationoideachasMá athraíonn tú an áit a bhfuil tú, bogann tú ón áit sin go háit eile. Mar shampla, má athraíonn tú cónaí nó scoil, bogann tú ón áit a bhfuil cónaí ort chun cónaí áit eile nó bogann tú ón scoil a bhfuil tú ag freastal uirthi chun freastal ar cheann eile.transitiveaistreach cónaí a athrú d'athraigh sí scoil 9. Má athraíonn tú rud éigin, cuireann tú rud nua nó difriúil in áit an ruda sin.transitiveaistreach d'athraigh sí clúidín an linbh leaba a athrú / éadaí leapa a athrú 10. transportiomparMá athraíonn tú busanna, traenacha, nó eitleáin, éiríonn tú amach as bus, traen, nó eitleán amháin agus téann tú isteach i gceann eile chun leanúint ar aghaidh ar d'aistear.transitiveaistreach d'athraigh siad busanna ag an teorainnintransitiveneamhaistreach d'athraigh sé chuig traein eile i Mala
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...