aon
cmu 1. Úsáidtear an mhaoluimhir aon léi féin nuair a bhíonn an uimhir 1 i gceist i bhfigiúirí áirithe, msh sa chomhaireamh, i ndátaí agus in aois daoine. i gcéatadáin aon faoin gcéad i ndátaí in aon fiche a trí sa bhliain aon seasca a dó in aois daoine leanaí faoi aon 2. Úsáidtear an bhunuimhir aon roimh ainmfhocal i gcásanna áirithe nuair a bhíonn duine nó rud amháin i gceist. le hiolraithe de 10 aon bhliain is fiche d'aois aon chóip is seachtó in uimhreacha móra aon mhíle, dhá chéad caoga a hocht punt breis is aon mhilliún cóip i ndátaí in aon chéad a trí déag sa bhliain aon mhíle, sé chéad is a seacht le haonad ama in aois duine tá sí aon bhliain d'aois babaí aon mhí d'aois leis an nginideach i bhfrásaí cáilitheacha rás aon chiliméadair scoil aon mhúinteora foirgneamh aon stóir 3. Úsáidtear aon mar ainmfhocal chun tagairt d'fhigiúr 1 ar leith in uimhir. tá an t-aon ar iarraidh cá mhéad aon atá ann? tá lánstad i ndiaidh an aoin comhaireamh in aonta 4. Úsáidtear aon mar ainmfhocal chun tagairt do scór ar leith a bhfuil luach 1 leis i gcluiche, comórtas, srl. fuair sé aon sa chéad bhabhta tá aon dúbailte ag teastáil uaithi 5. gamescluichíCárta imeartha a bhfuil aon siombail amháin air. De ghnáth is ag an aon a bhíonn an luach is airde nó is ísle i ndath cártaí. bhí dhá aon aici an t-aon spéireata → a haon→ a hAon→ aon- 6. Úsáidtear an aidiacht aon roimh ainmfhocal chun a léiriú nach bhfuil ach duine amháin nó rud amháin de chineál ar leith ann. ba ise aon iníon Sheáin agus Mháire aon bhua an tséasúir a n-aon gharpháiste ba é sin a aon aidhm 7. Úsáidtear an aidiacht aon roimh ainmfhocal i ráitis dhiúltacha chun a chur in iúl nach bhfuil duine nó rud ar bith de chineál ar leith ann nó ag tarlú. níl aon airgead acu ní raibh aon aithne agam uirthi níor cuireadh aon teachtaireacht amach ní dhéanfaidh sé aon difríocht ní fhaca mé aon déagóirí ann níl aon dabht faoi sin shéan sé go raibh aon eolas aige faoi gan aon deacracht 8. Úsáidtear an aidiacht aon roimh ainmfhocal i gceisteanna agus i ráitis dheimhneacha nó choinníollacha chun tagairt do dhuine nó do rud de chineál ar leith a d'fhéadfadh a bheith ann nó a bheith ag tarlú. d'fhéadfadh sí aon rud a rá bheadh aon duine in ann é a dhéanamh dhéanfadh aon mhála acu cúis aon uair is mian leat an bhfuil aon airgead tirim agat? an dtabharfadh aon duine faoi deara? an raibh aon pholaiteoirí ann? aon ... amháin Úsáidtear an frása uimhriúil aon ... amháin le hainmfhocal chun a threisiú nach bhfuil ach duine amháin nó rud amháin de chineál ar leith ann. in aon áit amháin ní raibh ach aon bhialann amháin oscailte aon suíochán beag amháin aon chathaoir bheag amháin cosa an aon suíocháin bhig amháin cosa na haon chathaoireach bige amháin níl ach aon tiománaí amháin acu aon duine amháin againn / aon duine amháin dínn an t-aon ... (also nó an t-aon ... amháin) Úsáidtear an t-aon ... amháin le hainmfhocal chun a threisiú nach bhfuil ach duine amháin nó rud amháin de chineál ar leith ann. sin an t-aon rud a bhí ar a intinn Úna an t-aon duine a dhiúltaigh mise an t-aon chara amháin a bhí aici an t-aon chúis a raibh siadsan ann ná ... úinéir na haon bhialainne amháin atá sa cheantar mar aon le Úsáideann tú mar aon le roimh ainmfhocal chun tagairt do dhuine eile nó do rud eile atá i láthair, atá ag tarlú nó a bhaineann leis an ábhar atá á phlé agat. na leabhair atá ar an gcúrsa mar aon le heolas faoina n-údair cuir iarratas mar aon le CV chugainn mar aon leis sin ar aon ... (le duine/rud) Úsáideann tú ar aon ... roimh ainmfhocal chun a rá go bhfuil an tréith nó cáilíocht chéanna ag baint le daoine difriúla nó le rudaí difriúla. tá an túr ar aon airde leis an gcaisleán tá sí ar aon aois le Sorcha déan cinnte go bhfuil siad ar aon mhéid Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...