Similar words :

anonn

 cmu
adverbdobhriathar 1. Má théann tú anonn go dtí áit éigin, téann tú trasna chuig an áit sin. tá mé ar mo bhealach anonn chugat, fan ansin táimid ag dul anonn go hAlbain 2. Má tá rud éigin anonn uait, tá sé ar an taobh eile den áit a bhfuil tú. d'fhéach sé anonn agus chonaic sé é PhrasesNathanna anonn is anall 1. Má bhíonn rud ag dul anonn is anall bíonn sé ag dul i dtreo amháin agus ar ais ar mhalairt treo gach re seal. bhí an maide ag luascadh anonn is anall 2. Má bhíonn duine anonn is anall le scéal nó le cás, ní bhíonn siad cinnte ná soiléir cá bhfuil an scéal nó an cás ag dul. bhí sí anonn is anall le scéal na saoire gan aon anonn ná anall Má deir tú rud éigin gan aon anonn ná anall, deir tú ar bhealach ionraic agus díreach é, go minic ar bhealach nach dtaitneoidh leis an duine a bhfuil tú ag labhairt leo. rud a rá gan anonn ná anall dul anonn in aois Nuair a théann tú anonn in aois, éiríonn tú níos sine agus ní bhíonn tú chomh láidir nó chomh meabhrach céanna agus a bhí tú. tá mo sheanathair ag dul anonn in aois
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...