anam
cmu (gen.sg. g.u. anama; nom.pl. ; a.i. anamacha; gen.pl. ; g.i. anamacha) 1. religionreiligiúnIs ionann d'anam agus d'aigne, do spiorad, do smaointe agus do mhothúcháin. Creideann a lán daoine go maireann d'anam go deo, fiú i ndiaidh do do chorp bás a fháil. guí a chur le hanam duine bhí ardú croí agus anama ag baint leis genitive singular as a modifierginideach uatha mar cháilitheoiranama lón anama 2. Má deir tú go bhfuil anam i nduine, tá tú ag rá go bhfuil beocht, spraoi agus a lán fuinnimh sa duine sin. tá tú lán d'anam! anam a chur sa cheol m'anam 1. Is féidir m'anam a úsáid chun béim a chur ar rud éigin atá á rá agat. is deas a bheith sa bhaile, m'anam m'anam go raibh an chuma air gur bhuail tú é 2. Is féidir m'anam a rá nuair a théann rud éigin go mór i bhfeidhm ort, má chuireann rud éigin iontas ort nó nuair a bhíonn tú thar a bheith sásta le rud éigin. M'anam! Tá sé sin go hiontach! d'anam a thabhairt leat Má deir tú gur thug tú d'anam leat as cás éigin ina raibh tú i mbaol do bháis ciallaíonn sé gur tháinig tú slán. thug sí a hanam léi as an dóiteán Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...