Similar words :

anáil

 cmu
feminine noun, 3rd declensionainmfhocal baininscneach, 3ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. anála; nom.pl. ; a.i. análacha; gen.pl. ; g.i. análacha) Is ionann d'anáil agus an t-aer a thagann amach as do bhéal nuair a análaíonn tú. anáil bhréan tharraing sí anáil dhomhain anáil a tharraingt anáil a ligean PhrasesNathanna as anáil Má tá tú as anáil, tá sé ag dul deacair ort anáil a tharraingt i gceart, msh toisc go raibh tú ag rith nó toisc go bhfuil eagla nó sceitimíní ort. an mbíonn tú as anáil tar éis an staighre a chur díot? faoi d'anáil 1. Má deir tú rud éigin faoi d'anáil, labhraíonn tú go han-chiúin chun nach féidir an rud a dúirt tú a chloisteáil go héasca, de ghnáth toisc go bhfuil tú ag gearán faoi rud éigin. scaoil sé eascaine faoina anáil bíonn sí ag caint faoina hanáil 2. Má deir tú rud éigin faoi d'anáil, deir tú an rud sin go han-chiúin, ag úsáid d'anála seachas do scornach, ar bhealach a fhágann nach féidir ach le duine amháin tú a chluinstin. scaoil sé a rún chugam faoina anáil
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...