aithne
cmu (gen.sg. g.u. aithne) 1. Má tá aithne agat ar dhuine éigin, bhuail tú leis an duine sin cheana agus tá a fhios agat cé hiad. tá aithne agam orthu aithne a fháil ar dhuine chuir mé aithne uirthi anuraidh 2. Má tá aithne agat ar áit nó ar rud éigin, tá eolas maith nó taithí agat ar an áit sin nó tuigeann tú an rud sin go maith. 3. religionreiligiúnCeann amháin de na deich riail a bhaineann le hiompraíocht an duine a luaitear i Sean-Tiomna an Bhíobla agus a mholtar do dhaoine cloí leo na Deich nAitheanta duine a chur in aithne Má chuireann tú beirt in aithne dá chéile, insíonn tú ainmneacha a chéile dóibh. Má chuireann tú thú féin in aithne do dhaoine, insíonn tú d'ainm dóibh. ar mhaith leat tú féin a chur in aithne? níor cuireadh in aithne dá chéile muid gan aithne gan urlabhra 1. Má tá duine éigin gan aithne gan urlabhra, tá an chosúlacht orthu go bhfuil siad ina gcodladh, de ghnáth mar gheall ar ghortú tromchúiseach nó easpa ocsaigine. fágadh gan aithne gan urlabhra é 2. Má tá duine nó ainmhí gan aithne gan urlabhra, tá siad marbh nó chomh socair sin go gceapfá go bhfuil siad marbh. tú féin a chur as aithne Má chuireann tú thú féin as aithne, athraíonn tú an chuma atá ort chun nach n-aithneoidh daoine thú. gan aithne Má tá duine éigin gan aithne, tá an chosúlacht orthu go bhfuil siad ina gcodladh, de ghnáth mar gheall ar ghortú tromchúiseach nó easpa ocsaigine. bhí siad gan aithne le deoch Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...