aithin
cmu (pr. láith. aithníonn; fut. ; fáist. aithneoidh; past ; caite d'aithin; cond. ; coinn. d'aithneodh; vb.n. ; ainm br. aithint) 1. Má aithníonn tú duine nó rud éigin, tá a fhios agat cén duine atá ann nó cad é an rud sin i ndiaidh duit iad a fheiceáil nó a chloisteáil.transitiveaistreach duine a aithint d'aithin mé do ghlór ní aithneofá í 2. Má aithníonn tú go bhfuil rud éigin fíor, admhaíonn tú agus glacann tú leis go bhfuil an rud sin fíor.transitiveaistreach aithním nach bhfuil sé sin cothrom 3. Más féidir leat duine nó rud éigin a aithint, is féidir leat dealú a dhéanamh idir iad agus daoine nó rudaí eile.transitiveaistreach is deacair Máire agus Fionnuala a aithint ó chéile 4. Má aithníonn tú go bhfuil rud éigin fíor nó ag tarlú, déanann tú amach agus tuigeann tú go bhfuil sé fíor nó ag tarlú.transitiveaistreach aithním go bhfuil imní ort 5. Má aithníonn tú rud éigin, ainmníonn tú é nó deir tú cad é an rud sin.transitiveaistreach an bhfuil tú ábalta an planda seo a aithint? Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...