ais
cmu (gen.sg. g.u. aise; nom.pl. ; a.i. aiseanna; gen.pl. ; g.i. aiseanna) 1. mathematicsmatamaiticSa mhatamaitic, líne a théann trí lár ruda ais siméadrachta / ais na siméadrachta mór‑ais mion‑ais 2. physicsfisicSan fhisic, fíorlíne nó líne shamhailteach a théann trí lár ruda agus a gcasann an rud sin uirthi ais an Domhain ar ais Úsáideann tú ar ais tar éis briathair, mar shampla, le cur in iúl go ndéanfar rud éigin arís nó go bhfillfidh rud éigin ar an staid ina raibh sé. cuir ar ais é tabhair ar ais an leabhar tar ar ais ar ball tá sí ar ais arís le hais 1. Má tá tú le hais rud éigin, tá tú díreach taobh leis. shuigh sé lena hais tá sí ina cónaí le hais an tséipéil 2. Má tá rud éigin le hais áite, ruda nó duine, tá an rud sin achar an‑ghearr uathu. tá sé le hais an locha 3. Má deir tú, mar shampla, go bhfuil rud amháin mór nó beag le hais rud éigin eile, tá tú ag rá go bhfuil an chéad rud níos mó nó níos lú ná an dara rud. tá an glas go hálainn le hais an ghoirm ní dada é le hais na bhfadhbanna atá acusan Loading phrases and examples...