Similar words :

ainm

 cmu
masculine noun, 4th declensionainmfhocal firinscneach, 4ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. ainm; nom.pl. ; a.i. ainmneacha; gen.pl. ; g.i. ainmneacha) 1. Is ionann ainm duine, áite nó ruda agus an focal nó an grúpa focal a thugtar orthu chun iad a aithint. cad is ainm duit? / cén t-ainm atá ort? Úna is ainm dom / Úna an t-ainm atá orm fear darb ainm Pól ná luaigh as a ainm é ar thug siad ainm ar an leanbh go fóill? cén t-ainm atá ar an leabhar sin? ní cuimhin liom ainm an pharóiste tá ainm difriúil acusan air thug sí ainm spéisiúil ar an speiceas ainm Laidine an phlanda ainmneacha éan 2. linguisticsteangeolaíochtSa ghramadach, focal ar dhuine, áit nó rud, msh 'carr', 'Áine', 'Gaillimh' nó 'grá' PhrasesNathanna in ainm Chroim Úsáideann tú in ainm Chroim lena chur in iúl go bhfuil tú míshásta nó mífhoighneach. gabh i leith, in ainm Chroim! in ainm Dé Úsáideann tú in ainm Dé lena chur in iúl go bhfuil tú míshásta nó mífhoighneach. in ainm Dé, abair amach é! níl ann ach damhán alla, in ainm Dé! gan ainm 1. Má dhéanann duine gan ainm rud éigin, ní bhíonn a fhios ag daoine eile cé a rinne an rud sin. síntiús ó dhuine gan ainm tháinig strainséir gan ainm i gcabhair air Alcólaigh gan Ainm 2. Má dhéanann duine rud gan ainm, ní bhíonn a fhios ag daoine eile cé a rinne an rud sin. tugann sé an t-airgead gan ainm
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...