íseal
cmu 1. Má tá rud éigin íseal, níl ach fad gairid idir barr an ruda sin agus an bun nó an talamh. thóg siad balla íseal in adverbial phrasei bhfrása dobhriatharthago híseal bhí siad ag eitilt go híseal chrom sé síos go híseal 2. Má tá duine nó rud éigin íseal, níl siad chomh hard le daoine nó le rudaí eile. bean bheag íseal is eisean an deartháir is ísle acu 3. Má deir tú go bhfuil rud éigin íseal, tá tú ag rá gur méid beag den rud sin atá ann nó go bhfuil an rud sin ag bun scála ar leith. bhí an teocht íseal rátaí ísle úis tá sé ar díol ar phraghas íseal tá an cíos níos ísle ansin 4. Má tá fuaim íseal, msh ceol nó guth duine, tá sí ciúin nó bog agus níl sí róláidir. labhair sí i nguth íseal tá an ceol ró-íseal in adverbial phrasei bhfrása dobhriatharthago híseal labhair sé go híseal 5. musicceolSa cheol, is ionann nóta íseal agus nóta atá ag bun an raoin cheoil nó nóta a bhfuil minicíocht nó airde sách íseal aige. seinn G íseal ansin bain triail as gléas níos ísle os íseal 1. adverbial phrasefrása dobhriatharthaMá deirtear nó má dhéantar rud os íseal, deirtear nó déantar an rud sin go ciúin. labhair sí os íseal sheinn sé an fonn os íseal ar dtús 2. adjectival phrasefrása aidiachtachMá tá gníomh nó rud os íseal, bíonn an gníomh nó rud sin ciúin. gáire os íseal ordú os íseal 3. adverbial phrasefrása dobhriatharthaMá bhíonn scéal, ráfla, srl, á rá nó á bplé os íseal, bíonn siad á rá nó á bplé go rúnda seachas go hoscailte. tá sé á rá os íseal go bhfuil a post i mbaol tá cuid díobh ag gearán os íseal faoin gcostas Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...