éis
tar éis 1. Má tharlaíonn rud éigin tar éis dáta, gníomh nó eachtra faoi leith, tarlaíonn an rud sin sa tréimhse ama a leanann an dáta, gníomh nó eachtra sin. Leanann an tuiseal ginideach an frása. tar éis an chogaidh 2. Úsáideann tú tar éis nuair atá am á lua agat atá suas le tríocha nóiméad níos deireanaí ná buille na huaire. Mar shampla, má tá sé fiche tar éis a sé, tá sé fiche nóiméad níos deireanaí ná a sé a chlog. ghlaoigh sé orm ag leathuair tar éis a naoi ar maidin 3. Úsáideann tú tar éis agus do leis an ainmní i gclásal infinideach chun tagairt don tréimhse ama a leanann tarlú nó déanamh cibé rud a luaitear leis an mbriathar sa chlásal infinideach sin. Mar shampla, má deir tú 'tar éis dom an teach a fhágáil', tá tú ag tagairt don tréimhse ama ónar imigh tú ón teach. tar éis dó imeacht / tar éis imeacht dó tar éis don chluiche a bheith tosaithe 4. Úsáideann tú tar éis chun rud éigin a tharla nó a rinneadh a chur i láthair nuair atá rud éigin eile ag teacht leis, go háirithe mar iarmhairt nó mar thoradh air, nó nuair is dá ainneoin é. tá áthas uirthi a bheith beo tar éis ar tharla tar éis mo shaothair tar éis a ndúirt an t‑aire Loading phrases and examples...