Similar words :

ár

1 cmu Usage NoteNóta Úsáide
Possessive adjective, 1st person pluralAidiacht shealbhach, 1ú pearsa iolra Úsáideann tú ár chun a léiriú gur leat féin in éineacht le duine nó le daoine eile mar ghrúpa an rud atá i gceist, nó go mbaineann an duine nó rud atá i gceist libhse mar ghrúpa. (A) le hainmneach ainmfhocail ní raibh ár ngutháin linn tá ár n-eochracha caillte againn bhí ár bhfuinneog oscailte níor thugamar ár bhfreagra fós (B) nuair a bhíonn ginideach i gceist aintín ár n-athar uncail ár máthar cara ár ndeartháir beag / cara ár ndearthár bhig formalfoirmeálta pócaí ár seaicéid bháistí / pócaí ár seaicéad báistí formalfoirmeálta (C) le focail a mbíonn 'cuid' rompu de ghnáth, msh: is maith linn ár gcuid oibre chaitheamar leath ár gcuid airgid air níomar uilig ár gcuid gruaige tá ár gcuid ama caite (D) le focail a mbíonn rogha ann 'cuid' a chur rompu, msh: ár gcairde / ár gcuid cairde ár ndualgais / ár gcuid dualgas ár laethanta saoire / ár gcuid laethanta saoire PhrasesNathanna dár ... verbal object, 1st person pluralcuspóir briathartha, 1ú pearsa iolraÚsáideann tú dár ... roimh ainm briathartha chun a léiriú gur ort féin in éineacht le duine nó le daoine eile mar ghrúpa atá an briathar atá i gceist ag gníomhú nó ag dul i bhfeidhm. beidh sí dár gceistiú tá sé dár gcrá nuair a bhíomar dár n-oiliúint ní dár moladh a bhíothas, bí cinnte de sin!

ár

2 cmu
masculine noun, 1st declensionainmfhocal firinscneach, 1ú díochlaonadh (gen.sg. g.u. áir) 1. Cás, eachtra nó feachtas ina maraítear a lán daoine go brúidiúil agus go neamhthrócaireach, msh le linn cogaíochta nó in eachtra sceimhlitheoireachta rinneadh ár orthu 2. unit of measurementaonad tomhaisAonad achair atá cothrom le 100 méadar cearnach nó 119.599 slat chearnach. Is ionann ár agus an céadú cuid de heicteár.
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...