yes
adverb
1 adverb response to question'Are you finished yet?' 'Yes.' 'An bhfuil tú críochnaithe fós?' 'Tá.''Is that a badger?' 'Yes, it is.' 'An broc é sin?' 'Is ea.''Are you going to the match?' 'Yes.' 'An mbeidh tú ag dul chuig an gcluiche?' 'Beidh.''Did you see that?' 'Oh yes!' 'An bhfaca tú é sin?' 'Chonaic, go deimhin!'; 'An bhfaca tú é sin?' 'M'anam go bhfaca!' 2 adverb accepting offer, invitation'Would you like a drink?' 'Yes, please.' 'Ar mhaith leat deoch?' 'Ba mhaith, le do thoil.'; 'An ólfaidh tú deoch?' 'Ólfaidh, más é do thoil é.'Show full entry
3 adverb agreeing to request, proposal etc'Wait a second!' 'Yes, sure.' 'Fan soicind!' 'Fanfaidh, cinnte.''Can you do this today?' 'Yes, no problem.' 'An féidir leat é seo a dhéanamh inniu?' 'Is féidir, cinnte.''Let's go there now!' 'Yes, all right.' 'Téimis ann anois!' 'Tá go breá.''Let's go the theatre tonight!' 'Yes, and for a meal beforehand!' 'Téimis chuig an amharclann anocht!' 'Sea, agus le haghaidh béile roimh ré!' 4 adverb acknowledging truth'Life is tough!' 'Yes it is.' 'Tá an saol crua!' 'Muise, is fíor duit.'; 'Tá an saol crua!' 'Leoga, tá an fhírinne ansin agat.'; 'Tá an saol crua!' 'Tá, ambaiste.'yes, that's the way it was sea, is mar sin a bhí séhe earns a lot of money, yes, but not that much saothraíonn sé a lán airgid, cinnte, ach ní an oiread sin 5 adverb asking what sb wants'Seán?' 'Yes, Miss?' 'A Sheáin?' 'Sea, a Mháistreás?''Promise me one thing?' 'Yes?' 'Geallfaidh tú rud amháin dom?' 'Sea?', 'An ngeallfaidh tú rud amháin dom?' 'Abair leat!', 'Geallfaidh tú rud amháin dom?' 'Agus céard é féin?' 6 adverb confirming own statementseaeverybody - yes, everybody - knows tá a fhios ag gach duine, sea - gach duinehe was silly, oh yes bhí sé amaideach, sea go deimhin; bhí sé amaideach, m'anam le Dia go raibh 7 adverb contradicting'You didn't do that!' 'Yes, I did!' 'Ní dhearna tú é sin!' 'M'anam go ndearna!'; 'Ní dhearna tú é sin!' 'Rinne, go deimhin!'; 'Ní dhearna tú é sin!' 'Nach cinnte go ndearna!''He lost it!' 'He didn't!' 'Yes, he did!' 'Chaill sé é!' 'Níor chaill!' 'Is cinnte gur chaill!', 'Chaill sé é!' 'Níor chaill!' 'Gabhaim orm gur chaill!' 8 adverb expressing joy, relief, etcI searched my bag and yes - there it was! chuardaigh mé mo mhála agus, dar fia, sin an áit a raibh sé!
noun
9 (also yes vote) noun POL affirmative votetá Vote 'Yes!' Vótáil 'Tá!' 10 noun affirmative answeris that a yes or a no? an 'is ea' nó 'ní hea' é sin?, an 'tá' nó 'níl' é sin?did I hear a yes? an freagra dearfach a chuala mé ansin?'Are you in love?' 'Mind your own business!' 'Can I take that as a yes?' 'An bhfuil tú i ngrá?' 'Tabhair aire do do ghnó féin!' 'An féidir liom glacadh leis mar sin go bhfuil?' 11 noun acceptance of offer, request, etcthe response by everyone to the proposal was a 'yes' is é an freagra a thug gach duine go raibh siad i bhfách leis an moladhhe asked us to help and the answer was a unanimous yes d'iarr sé orainn cuidiú agus dúirt gach duine go gcuideodhI asked could I come in and he gave a reluctant yes d'fhiafraigh mé an bhféadfainn teacht isteach agus dúirt sé go doicheallach go bhféadfainn 12 noun POL person voting yesthe yeses lucht tá