Similar words :
worse is a grammatical form of: bad · ill

worse

adjectiveaidiacht 1 more unpleasant or severeníos measa cmu he's got worse problems than that tá fadhbanna níos measa ná sin aige the weather was worse the next day bhí an aimsir ní ba mheasa an lá dár gcionn it makes the pain worse cuireann sé leis an bpian, déanann sé an phian níos measa the difficulties are getting worse tá na deacrachtaí ag éirí níos measa, tá na deacrachtaí ag dul in olcas the situation has been made worse by emigration tá an scéal níos measa de bharr na heisimirce, tá an scéal imithe in olcas de bharr na heisimirce worse still was the by-election result ba mheasa fós toradh an fhothoghcháin, bhí toradh an fhothoghcháin ní ba mheasa arís 2 of lower standard or levelníos measa cmu their garden is in a much worse condition tá caoi i bhfad níos measa ar an ngairdín s'acusan literacy levels are worse there than over here tá na leibhéil litearthachta níos measa ansin ná mar atá abhus anseo your handwriting is getting worse tá do pheannaireacht ag éirí níos measa, tá do pheannaireacht ag dul in olcas, tá do pheannaireacht ag dul chun donais 3 more reprehensibleníos measa cmu you're worse than him! tá tusa níos measa ná eisean! that's a worse sin is measa é sin mar pheaca, is mó de pheaca é sin 4 more illníos measa cmu she was worse yesterday bhí sí níos measa inné, bhí sí imithe in olcas inné he's getting worse tá sé ag éirí níos measa, tá sé ag dul in olcas she looks worse today tá cuma níos measa uirthi inniu 5 more unhappy, nervous etcníos measa cmu I feel worse about it than he does airímse níos measa ná mar a airíonn seisean mar gheall air 6 more unsuitable or unsatisfactoryníos measa cmu it couldn't have come at a worse time ní fhéadfadh sé tarlú ag am níos measa, ní fhéadfadh sé a bheith ní ba mhíthráthúla it might leave us in a worse position b'fhéidir gur níos measa as a bheimis nounAinmfhocal 7 sth more unpleasant or severe even worse was to follow bhí níos measa fós le teacht the sea was a bit rough but I've experienced worse bhí an fharraige beagáinín garbh ach tháinig mé trí níos measa 8 sth of lower quality I've read a lot worse tá i bhfad níos measa ná sin léite agam adverbdobhriathar 9 more severelyníos measa cmu some people are affected worse than others buaileann sé daoine níos measa ná a chéile, is measa a bhuaileann sé daoine áirithe ná daoine eile some low-lying areas are worse hit tá roinnt ceantair ísle buailte níos measa she hated me worse than ever ba mhó ná riamh an fuath a bhí aici orm 10 less skilfully, impressively, etcníos measa cmu they're playing worse than ever tá siad ag imirt níos measa ná riamh you couldn't sing any worse even if you tried ní fhéadfá canadh pioc níos measa dá ndéanfá do dhícheall 11 more unsatisfactory, problematic, etcníos measa fósníos measa arís or, worse, ... nó, níos measa fós, ...; nó, níos measa arís, ... SubformsSainfhoirmeacha → the worse PhrasesNathanna for the worse chun donais it's a change for the worse is athrú chun donais é things are changing for the worse around here tá rudaí ag dul in olcas thart anseo events took a turn for the worse tháinig droch-chor sa scéal, chuaigh rudaí in olcas, d'éirigh cúrsaí níos measa it could be worse (also it could have been worse) d'fhéadfadh cúrsaí a bheith níos measathiocfadh leis a bheith níos measa you could do worse d'fhéadfá níos measa ná sin a dhéanamhis iomaí rud ba mheasa a thiocfadh leat a dhéanamh to make matters worse (also to make things worse) rudaí a dhéanamh níos measa this policy makes matters worse déanann an polasaí seo an cás níos measa to make matters worse, in comes her father mar bharr ar an donas, siúd isteach lena hathair no worse than it's no worse than the others níl sé dada níos measa ná an chuid eile there are worse things ní hé an rud is measa riamh étá rudaí níos measa ná sin ann there's nothing worse níl a dhath níos measasin an rud is measa ar fad there's nothing worse than a dirty kitchen níl a dhath níos measa ná cistin shalach, níl dada ar domhan is measa ná cistin shalach the worse for wear informalneamhfhoirmeálta 1 drunk they were the worse for wear last night bhí braon maith ar bord acu aréir, bhí siad ólta go maith aréir, bhí siad caochta aréir 2 in poor state of repair the house was the worse for wear bhí cuma na scríbe ar an teach, ní raibh cuma ná caoi ar an teach, bhí droch-chuma amach ar an teach worse luck ar an drochuair cmufaraor géar I won't be there, worse luck! ní bheidh mé ann, ar an drochuair!; ní bheidh mé ann, faraor! worse off níos measa as we're worse off than ever with this levy táimid níos measa as ná riamh leis an tobhach seo, táimid níos boichte ná riamh ag an tobhach seo he was much worse off after the fight bhí seisean i bhfad níos measa as tar éis na troda
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...